|
+Airteagal 41 1. |
Airteagal 41 1.Eisiafar na neamhchosaintí seo a leanas ó na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 37:
(a)
neamhchosaintí a asbhainfear ina n-iomláine as cistí dílse an ghnólachta infheistíochta;
(b)
neamhchosaintí a thabhófar le linn gnáthshocrú seirbhísí íocaíochta, idirbheart airgeadra eachtraigh, idirbheart urrús agus soláthair tarchuir airgid;
(c)
neamhchosaintí arb éard atá iontu éilimh i gcoinne na nithe seo a leanas:
(i)
rialtais láir, bainc cheannais, eintitis earnála poiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó bainc forbartha iltaobhacha agus neamhchosaintí atá ráthaithe ag na daoine sin nó atá inchurtha ina leith, i gcás ina bhfaigheadh na neamhchosaintí sin ualú riosca 0 % faoi Airteagail 114 go 118 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(ii)
rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla na dtíortha atá ina gcomhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;
(iii)
contrapháirtithe lárnacha agus ranníocaíochtaí le cistí mainneachtana contrapháirtithe lárnacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|