+Airteagal 43 Ceanglas maidir le leachtacht
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.
---+Airteagal 43 3.
---+Airteagal 43 4.
|
Airteagal 43 Ceanglas maidir le leachtacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1.
|
Beidh i seilbh gnólachtaí infheistíochta méid sócmhainní leachtacha atá coibhéiseach ar a laghad leis an tríú cuid den cheanglas forchostas seasta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 13(1). De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na chéad fhomhíre den mhír seo agus cuirfidh sé ÚBE ar an eolas gan mhoill faoin méid sin. Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh i sócmhainní leachtacha aon cheann de na nithe seo a leanas, gan teorainn lena gcomhdhéanamh:
(a)
na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagail 10 go 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, faoi réir na gcoinníollacha céanna maidir le critéir incháilitheachta agus na gcaolchorrlach céanna is infheidhme a leagtar síos sna hAirteagail sin;
(b)
na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, suas le méid absalóideach EUR 50 milliún nó méid coibhéiseach in airgeadra intíre, faoi réir na gcoinníollacha céanna maidir le critéir incháilitheachta, cé is moite den mhéid tairsí EUR 500 milliún dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán sin, agus na gcaolchorrlach céanna is infheidhme a leagtar síos san Airteagal sin;
(c)
ionstraimí airgeadais nach gcumhdaítear le pointí (a) agus (b) den fhomhír seo a thrádáiltear ar ionad trádála nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith mar a shainmhínítear i bpointe (17) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus in Airteagail 1 go 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 ón gCoimisiún (
10
), faoi réir chaolchorrlach 55 %;
d)
taiscí gearrthéarma neamhualaithe ag institiúid creidmheasa.
|
|
Airteagal 43 2.
|
Ní láimhseálfar mar shócmhainní leachtacha airgead tirim, taiscí gearrthéarma agus ionstraimí airgeadais ar le cliaint iad, fiú i gcás iad a bheith i seilbh an ghnólachta infheistíochta ina ainm féin chun críocha mhír 1.
|
|
Airteagal 43 3.
|
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) den Rialachán seo agus gnólachtaí infheistíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) den Rialachán seo ach nach ndéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, féadfaidh siad earraí infhaighte ó fhéichiúnaithe trádála agus táillí nó coimisiúin is infhaighte laistigh de 30 lá a áireamh ar a shócmhainní leachtacha freisin, i gcás ina mbeidh na hinfháltais sin i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is ionann iad agus suas le huasmhéid tríú cuid de na ceanglais íosmhéid leachtachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;
(b)
ní áireofar iad mar chuid d'aon cheanglais bhreise leachtacha a cheanglaíonn an t‐údarás inniúil le haghaidh rioscaí atá sonrach don ghnólacht i gcomhréir le hAirteagal 39(2)(k) de Threoir (AE) 2019/2034;
(c)
tá siad faoi réir chaolchorrlach 50 %.
|
|
Airteagal 43 4.
|
Chun críocha an dara fomhír de mhír 1, eiseoidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte lena sonrófar a thuilleadh na critéir a fhéadfaidh na húdaráis inniúla a chur san áireamh agus iad ag díolmhú gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha ón gceanglas leachtachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|