+Airteagal 55 Ceanglais tuairiscithe le haghaidh gnólachtaí infheistíochta áirithe chun críocha na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
---+Airteagal 55 1.
---+Airteagal 55 2.
---+Airteagal 55 3.
---+Airteagal 55 4.
---+Airteagal 55 5.
|
Airteagal 55 Ceanglais tuairiscithe le haghaidh gnólachtaí infheistíochta áirithe chun críocha na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 55 1.
|
Maidir le gnólachtaí infheistíochta a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, fíoróidh siad luach a sócmhainní iomlána ar bhonn míosúil agus tuairisceoidh siad an fhaisnéis sin gach ráithe don údarás inniúil más ionann agus EUR 5 bhilliún nó más mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnólachta infheistíochta, arna ríomh mar mheán na 12 mhí roimhe sin. Cuirfidh an t-údarás inniúil ÚBE ar an eolas faoin méid sin.
|
|
Airteagal 55 2.
|
I gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 ina chuid de ghrúpa inar gnólacht infheistíochta ceann amháin nó níos mó de na gnóthais a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, fíoróidh na gnólachtaí infheistíochta sin de chuid an ghrúpa luach a sócmhainní iomlána ar bhonn míosúil más ionann agus EUR 5 bhilliún nó más mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghrúpa, arna ríomh mar mheán na 12 mhí roimhe sin. Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta sin a sócmhainní iomlána in iúl dá chéile ar bhonn míosúil. agus tuairisceoidh siad a sócmhainní comhdhlúite iomlána do na húdaráis inniúla ar bhonn ráithiúil. Cuirfidh an t-údarás inniúil ÚBE ar an eolas faoin méid sin.
|
|
Airteagal 55 3.
|
I gcás ina sroichfidh meán shócmhainní iomlána míosúla na ngnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 aon cheann de na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 1(2) den Rialachán seo nó i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna ríomh mar mheán na 12 mhí roimhe sin, tabharfaidh ÚBE fógra maidir leis sin do na gnólachtaí infheistíochta sin agus do na húdaráis inniúla, lena n-airítear na húdaráis atá inniúil ar údarú a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 8a de Threoir 2013/36/AE.
|
|
Airteagal 55 4.
|
I gcás ina léirítear in athbhreithniú de bhun Airteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034 go bhféadfadh gnólacht infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bheith ina riosca sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe sin gan mhoill.
|
|
Airteagal 55 5.
|
Ceapfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an oibleagáid faisnéis a thabhairt do na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a shonrú tuilleadh le go bhféadfar faireachán éifeachtach a dhéanamh ar na tairseacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 8a(1) de Threoir 2013/36/AE. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|