+Airteagal 60 Clásal athbhreithnithe
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
|
Airteagal 60 Clásal athbhreithnithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 1.
|
Faoin 26 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus ÚEUM, athbhreithniú ar an méid seo a leanas ar a laghad agus déanfaidh sé tuarascáil, lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, maidir leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
na coinníollacha is gá do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonadh chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha i gcomhréir le hAirteagal 12;
(b)
na modhanna lena dtomhaistear na K-fhachtóirí i dTeideal II de Chuid a Trí, lena n‐áirítear comhairle infheistíochta faoi raon feidhme AUM, agus in Airteagal 39;
(c)
na comhéifeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(2);
(d)
an modh a úsáidtear chun K-CMG a ríomh, leibhéal na gceanglas cistí dílse a eascraíonn as K-CMG i gcomparáid le K-NPR, agus calabrú an fhachtóra iolraithe a leagtar amach in Airteagal 23;
(e)
na forálacha a leagtar amach in Airteagail 43, 44 agus 45 agus, go háirithe, an incháilitheacht maidir le ceanglas leachtachta na sócmhainní leachtacha i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 43(1);
(f)
na forálacha a leagtar amach i Roinn 1 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí;
(g)
cur i bhfeidhm Chuid a Trí maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí;
(h)
modhnú an tsainmhínithe ar institiúid creidmheasa i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar thoradh ar phointe (a) d'Airteagal 62(3) den Rialachán seo agus iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe ionchasacha;
(i)
na forálacha a leagtar amach in Airteagail 47 agus 48 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus a n-ailíniú le creat comhsheasmhach maidir le coibhéis i seirbhísí airgeadais;
(j)
na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 12(1);
(k)
cur i bhfeidhm chaighdeáin Chaibidlí 1a agus 1b de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le gnólachtaí infheistíochta;
(l)
an modh chun tomhas a dhéanamh ar luach díorthaigh i bpointe (b) d'Airteagal 20(2) agus pointe (b) d'Airteagal 33(2), agus a iomchuí atá sé méadrach agus/nó calabrúchán malartach a thabhairt isteach;
(m)
na forálacha a leagtar amach i gCuid a Dó, go háirithe maidir leis an gcead atá ag ionstraimí nó cistí breise cáiliú mar chistí dílse de bhun Airteagal 9(4), agus an fhéidearthacht cead den sórt sin a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha;
(n)
na coinníollacha is gá do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonadh chun gur féidir leo ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1(2) den Rialachán seo;
(o)
an fhoráil a leagtar amach in Airteagal 1(5);
(p)
ábharthacht chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach in Airteagal 52 den Rialachán seo i gcás earnálacha eile, lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus (5) den Rialachán seo agus institiúidí creidmheasa a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 iad.
|
|
Airteagal 60 2.
|
Faoin 31 Nollaig 2021, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgais a ghlacadh de láimh ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 64, lena n-áirítear an fhéidearthacht do ÚEUM táillí clárúcháin a ghearradh ar ghnólachtaí tríú tír arna gclárú ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 46(2)de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|