|
+Airteagal 60 1. |
Airteagal 60 1.Faoin 26 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus ÚEUM, athbhreithniú ar an méid seo a leanas ar a laghad agus déanfaidh sé tuarascáil, lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, maidir leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
na coinníollacha is gá do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonadh chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha i gcomhréir le hAirteagal 12;
(b)
na modhanna lena dtomhaistear na K-fhachtóirí i dTeideal II de Chuid a Trí, lena n‐áirítear comhairle infheistíochta faoi raon feidhme AUM, agus in Airteagal 39;
(c)
na comhéifeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(2);
(d)
an modh a úsáidtear chun K-CMG a ríomh, leibhéal na gceanglas cistí dílse a eascraíonn as K-CMG i gcomparáid le K-NPR, agus calabrú an fhachtóra iolraithe a leagtar amach in Airteagal 23;
(e)
na forálacha a leagtar amach in Airteagail 43, 44 agus 45 agus, go háirithe, an incháilitheacht maidir le ceanglas leachtachta na sócmhainní leachtacha i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 43(1);
(f)
na forálacha a leagtar amach i Roinn 1 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí;
(g)
cur i bhfeidhm Chuid a Trí maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí;
(h)
modhnú an tsainmhínithe ar institiúid creidmheasa i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar thoradh ar phointe (a) d'Airteagal 62(3) den Rialachán seo agus iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe ionchasacha;
(i)
na forálacha a leagtar amach in Airteagail 47 agus 48 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus a n-ailíniú le creat comhsheasmhach maidir le coibhéis i seirbhísí airgeadais;
(j)
na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 12(1);
(k)
cur i bhfeidhm chaighdeáin Chaibidlí 1a agus 1b de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le gnólachtaí infheistíochta;
(l)
an modh chun tomhas a dhéanamh ar luach díorthaigh i bpointe (b) d'Airteagal 20(2) agus pointe (b) d'Airteagal 33(2), agus a iomchuí atá sé méadrach agus/nó calabrúchán malartach a thabhairt isteach;
(m)
na forálacha a leagtar amach i gCuid a Dó, go háirithe maidir leis an gcead atá ag ionstraimí nó cistí breise cáiliú mar chistí dílse de bhun Airteagal 9(4), agus an fhéidearthacht cead den sórt sin a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha;
(n)
na coinníollacha is gá do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonadh chun gur féidir leo ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1(2) den Rialachán seo;
(o)
an fhoráil a leagtar amach in Airteagal 1(5);
(p)
ábharthacht chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach in Airteagal 52 den Rialachán seo i gcás earnálacha eile, lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus (5) den Rialachán seo agus institiúidí creidmheasa a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|