+Airteagal 62 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Airteagal 62 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Airteagal 62

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012”;

(2) 

in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.  
Agus na forálacha a leagtar síos in Airteagal 1(2) agus 1(5) de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ) á gcur i bhfeidhm acu i dtaca le gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear sna míreanna sin, caithfidh na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 ) leis na gnólachtaí infheistíochta sin amhail is dá mbeadh na gnólachtaí infheistíochta sin ina 'n‐institiúidí' faoin Rialachán seo.
(3) 

leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

“(1) 

ciallaíonn 'institiúid creidmheasa' gnóthas arb é a ghnó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá cuntas féin;

(b) 

aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *5 ), i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin de na nithe seo a leanas, ach nach déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí, gnóthas comhinfheistíochta ná gnóthas árachais é an gnóthas:

(i) 

is ionann agus EUR 30 billiún nó is mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnóthais;

(ii) 

is lú luach iomlán shócmhainní an ghnóthais ná EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 30 billiún nó inar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa sin ar lú ná EUR 15 bhilliún na sócmhainní iomlána atá ag gach ceann acu ar bhonn aonair agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE; nó

(iii) 

is lú luach iomlán shócmhainní an ghnóthais ná EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 30 billiún nó inar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina gcinnfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta amhlaidh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol a d'fhéadfadh a bheith ann go bhféadfaí dul timpeall ar an riail agus chun aghaidh a thabhairt ar ►C3  rioscaí ◄ a d'fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais;

chun críocha phointí (b)(ii) agus (b)(iii), i gcás ina bhfuil an gnóthas ina chuid de ghrúpa tríú tír, déanfar sócmhainní iomlána gach brainse den ghrúpa tríú tír arna údarú san Aontas a áireamh i gcomhluach iomlán shócmhainní na ngnóthas uile sa ghrúpa.

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

“(2) 

ciallaíonn 'gnólacht infheistíochta' gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE atá údaraithe faoin Treoir sin ach ní áirítear leis institiúid creidmheasa;”;

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

“(3) 

ciallaíonn 'institiúid' institiúid creidmheasa atá údaraithe faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE nó gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) di;”;

(d) 

scriostar pointe (4);

(e) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (26):

“(26) 

ciallaíonn 'institiúid airgeadais' gnóthas nach institiúid é agus nach cuideachta sealbhaíochta tiomnaithe don tionsclaíocht amháin é, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe 2 go pointe 12 agus i bpointe 15 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a shaothrú, lena n-áirítear gnólacht infheistíochta, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta, institiúid íocaíochta de réir bhrí Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *6 ), agus cuideachta bainistíochta sócmhainní, ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais ná cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointí (f) agus (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE iad;

(f) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (29a):

“(29a) 

ciallaíonn 'máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát' máthairghnóthas i mBallstát ar gnólacht infheistíochta é;”;

(g) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (29b):

“(29b) 

ciallaíonn 'máthairghnólacht infheistíochta AE' máthairghnóthas AE ar gnólacht infheistíochta é;”;

(h) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (51):

“(51) 

ciallaíonn 'caipiteal tosaigh' méideanna agus cineálacha na gcistí dílse a shainítear in Airteagal 12 de Threoir 2013/36/AE;”;

(i) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (60):

“(60) 

ciallaíonn 'ionstraim chomhshamhlaithe airgid' deimhniú taiscthe, banna, lena n-áirítear banna faoi chumhdach, nó aon ionstraim neamh-fho-ordaithe eile atá eisithe ag institiúid nó gnólacht infheistíochta, a bhfuil íocaíocht iomlán faighte ag an institiúid nó ag an gnólacht infheistíochta ina leith cheana féin agus a aisíocfaidh an institiúid nó an gnólacht infheistíochta gan choinníoll ag a luach ainmniúil;”;

(j) 

i bpointe (72), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) 

is margadh rialáilte nó margadh tríú tír é a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE;”;

(k) 

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(150) 

ciallaíonn 'déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí' gnóthas arb é a phríomhghnó eisiach seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar i dtaca leis na díorthaigh tráchtearraí nó na conarthaí díorthach tráchtearraí dá dtagraítear i bpointí (5), (6), (7), (9) agus (10), díorthaigh lamháltas astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (4), nó lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;”;

(4) 

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4  

Comhlíonfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn aonair.

Ní bheidh sé de cheangal ar na hinstitiúidí seo a leanas cloí le hAirteagal 413(1) agus na ceanglais tuairiscithe leachtachta bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo:

(a) 

institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b) 

institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *7 ), ar choinníoll nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha; agus

(c) 

institiúidí a ainmnítear i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll:

(i) 

go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí teoranta chuig seirbhísí de chineál baincéireachta, amhail dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, a thairiscint do sheirbhísí do thaisclanna lárnacha urrús a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin,; agus

(ii) 

nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha.

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5  
Institiúidí a bhfuil an maolú a shonraítear in Airteagal 7(1) nó (3) den Rialachán seo feidhmithe ag údaráis inniúla ina leith, agus institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh de cheangal orthu na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Seacht agus na ceanglais tuairiscithe cóimheasa luamhánaithe bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn aonair.”;
5 

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i Roinn 1 de Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon:

“Airteagal 10a

Ceanglais stuamachta a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite i gcás inar máthairghnóthais na gnólachtaí infheistíochta

Chun an chaibidil seo a chur i bhfeidhm, measfar gur máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais gnólachtaí infheistíochta i gcás inar máthairghnóthais institiúide nó gnólachta infheistíochta na gnólachtaí infheistíochta sin faoi réir an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033.”;

(6) 

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.  

Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn a staide comhdhlúite i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó sa ghrúpa atá údaraithe na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar.

I gcás inar tugadh tarscaoileadh faoi Airteagal 8(1) go (5), déanfaidh na hinstitiúidí agus, i gcás inarb infheidhme, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar cuid d'fhoghrúpa leachtachta iad, Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo‐chomhdhlúite an fhoghrúpa leachtachta.”;

(7) 

scriostar Airteagail 15, 16 agus 17;

(8) 

in Airteagal 81(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) 

is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i) 

institiúid;

(ii) 

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(iii) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;

(iv) 

gnólacht infheistíochta;

(v) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus ar choinníoll gur ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;”;

(9) 

in Airteagal 82, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) 

is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i) 

institiúid;

(ii) 

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(iii) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;

(iv) 

gnólacht infheistíochta;

(v) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus i gcás inar ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;”;

(10) 

leasaítear Airteagal 84 mar a leanas:

▼C2

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  

Déanfaidh institiúidí méid na leasanna mionlaigh a bheidh ag fochuideachta i gcaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó leasanna mionlaigh an ghnóthais sin mar a leanas:

(a) 

caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i) 

an méid de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

— 
an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 92(1) den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 den Treoir sin, agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;
— 
i gcás inar fochuideachta an gnólacht infheistíochta, an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;
(ii) 

an méid de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 92(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 den Treoir sin, agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;

(b) 

leasanna mionlaigh na fochuideachta arna sloinneadh mar chéatadán d’ítimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghnóthais sin.”;

▼B

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“(3)  
I gcás ina maolóidh údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo nó, de réir mar is infheidhme, mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2033 ní aithneofar an leasanna mionlaigh sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.”;
(11) 

leasaítear Airteagal 85 mar a leanas:

▼C2

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  

Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin mar a leanas:

(a) 

caipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i) 

an méid de chaipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

— 
an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 92(1) den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 den Treoir sin, agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;
— 
i gcás inar fochuideachta an gnólacht infheistíochta, an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;
(ii) 

an méid de Chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 92(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 den Treoir sin, agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;

(b) 

caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta arna shloinneadh mar chéatadán d’ítimí uile Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ítimí Leibhéal 1 Breise an ghnóthais sin.”

▼B

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  
I gcás ina maolóidh údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2033, ní aithneofar ionstraimí Leibhéal 1 sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith mar chistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.”;
(12) 

Leasaítear Airteagal 87 mar a leanas:

▼C2

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in mhír 1:

“1.  

Déanfaidh institiúidí méid na gcistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin mar a leanas:

(a) 

cistí dílse na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i) 

an méid de chistí dílse na fochuideachta a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

— 
an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 92(1) den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 den Treoir sin, agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha;
— 
i gcás inar fochuideachta an gnólacht infheistíochta, an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha;
(ii) 

an méid de chistí dílse a bhaineann leis an bhfochuideachta atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 92(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 den Treoir sin, agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha;

(b) 

cistí dílse cáilitheacha an ghnóthais, arna sloinneadh mar chéatadán de shuim na n-ítimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ítimí Leibhéal 1 Breise agus ítimí Leibhéal 2, seachas na méideanna dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 62, an ghnóthais sin.”;

▼B

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  
I gcás ina maolóidh údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo nó, de réir mar is infheidhme, mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2033, ní aithneofar ionstraimí cistí dílse sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith mar chistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, mar is infheidhme.”;
(13) 

leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:

(a) 

scriostar mír 3;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4, 5 agus 6:

“4.  
I gcás ina dtiocfaidh institiúid atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 faoi rialú duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nach é an duine é a raibh an institiúid faoina rialú roimhe sin, bainfidh méid chistí dílse na hinstitiúide sin amach an méid caipitil tosaigh a cheanglaítear.
5.  
I gcás cumasc dhá institiúid nó níos mó atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2, ní thitfidh méid chistí dílse na hinstitiúide a thiocfaidh as an gcumasc sin faoi bhun chistí dílse iomlána na n-institiúidí cumaiscthe tráth an chumaisc, fad is nach bhfuil méid an chaipitil tosaigh a cheanglaítear bainte amach.
6.  
I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla gur gá an ceanglas a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh chun sócmhainneacht institiúide a áirithiú, ní bheidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i míreanna 2, 4 agus 5.”;
(14) 

i gCaibidil 1 de Theideal I de Chuid a Trí, scriostar Roinn 2 (Airteagail 95 go 98) le héifeacht ón 26 Meitheamh 2026;

(15) 

in Airteagal 119, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.  

►C3  Neamhchosaint ◄ ar institiúidí airgeadais arna n-údarú agus arna maoirsiú ag na húdaráis inniúla agus atá faoi réir ceanglais stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta, déanfar iad a láimhseáil mar ►C3  neamhchosaint ◄ ar institiúidí.

Chun críocha na míre seo, measfar na ceanglais stuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith inchomparáide leis na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm ar institiúidí ó thaobh stóinseachta de.”;

(16) 

sa dara fomhír d'Airteagal 162(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) 

►C3  neamhchosaint ◄ ar institiúidí nó gnólachtaí infheistíochta a thagann as oibleagáidí malairte eachtraí a ghlantar;”;

(17) 

leasaítear Airteagal 197 mar a leanas:

(a) 

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí nó ag gnólachtaí infheistíochta, ar urrúis iad ag a bhfuil measúnú creidmheasa ó IMCS a dheimhnigh ÚBE a bheith bainteach le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe ►C3  riosca ◄ maidir le ►C3  neamhchosaint ◄ ar institiúidí faoi Chaibidil 2;”;

(b) 

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“4.  
Urrúis fiachais a eisíonn institiúidí eile agus nach bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS, féadfaidh institiúid iad a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfaidh na hurrúis fiachais sin na critéir seo a leanas ar fad:”;
(18) 

in Airteagal 200, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c) 

ionstraimí arna n-eisiúint ag institiúid tríú páirtí nó ag gnólacht infheistíochta a athcheannóidh an institiúid nó an gnólacht sin arna iarraidh sin.”;

(19) 

in Airteagal 202, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as institiúidí, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais agus athárachais agus gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3) i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo uile a leanas:”;

(20) 

in Airteagal 224, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.  
I gcás urrúis fiachais gan rátáil arna n-eisiúint ag institiúidí nó gnólachtaí infheistíochta agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta in Airteagal 197(4), is ionann an coigeartú luaineachta agus an coigeartú luaineachta a dhéantar ar urrúis arna n-eisiúint ag institiúidí nó ag corparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa seachtrach acu a bhaineann le céim 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa.”;
(21) 

in Airteagal 227(3), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ba) 

gnólachtaí infheistíochta;”;

(22) 

in Airteagal 243(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás earraí infhaighte trádála, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír má tá ►C3  riosca ◄ creidmheasa na n-earraí infhaighte trádála sin faoi chumhdach iomlán ag cosaint chreidmheasa incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4, ar choinníoll gur institiúid, gnólacht infheistíochta, gnóthas árachais nó gnóthas athárachais é soláthraí na cosanta sa chás sin.”;

(23) 

in Airteagal 382(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) 

idirbhearta laistigh de ghrúpa dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ach amháin i gcás ina nglacfaidh Ballstáit dlí náisiúnta lena n-éilítear deighilt struchtúrach laistigh de ghrúpa baincéireachta agus, sa chás sin, féadfaidh údaráis inniúla a éileamh go n-áireofar na hidirbhearta sin laistigh de ghrúpa, idir na heintitis struchtúracha deighilte, sna ceanglais cistí dílse;”;

(24) 

scriostar Airteagal 388.

▼C2

(25) 

in Airteagal 395(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.  
Tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C3  riosca ◄ creidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403, ní thabhóidh institiúid ►C3  neamhchosaint ◄ ar chliant ná ar ghrúpa cliant nasctha ar mó a luach ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide sin. I gcás inar institiúid nó gnólacht infheistíochta an cliant sin, nó i gcás ina bhfuil institiúid nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó ar áireamh i ngrúpa cliant nasctha, ní bheidh an luach sin níos airde ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide nó EUR 150 milliún, cibé acu is airde, ar an gcoinníoll nach bhfuil suim luachanna na ►C3  neamhchosanta ◄ ar na cliaint nasctha uile nach institiúidí ná gnólachtaí infheistíochta iad níos airde ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C3  riosca ◄ creidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403.”;

▼B

(26) 

leasaítear Airteagal 402(3) mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) 

is institiúid nó gnólacht infheistíochta an contrapháirtí;”;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e) 

i gcomhréir le hAirteagal 394, tabharfaidh an institiúid tuairisc do na húdaráis inniúla i ndáil le méid iomlán na ►C3  neamhchosanta ◄ ar gach institiúid nó gnólacht infheistíochta eile a láimhseálfar i gcomhréir leis an mír seo.”;

(27) 

in Airteagal 412, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a:

“4a.  
Beidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) maidir le hinstitiúidí.”;
(28) 

i bpointe (a) d'Airteagal 422(8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i) 

máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide, nó máthairghnólacht infheistíochta nó foghnólacht infheistíochta de chuid na hinstitiúide, nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna nó an mháthairghnólachta infheistíochta chéanna;”;

(29) 

in Airteagal 428a, scriostar pointe (d);

(30) 

in Airteagal 430b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  
Ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a, tuairisceoidh institiúidí creidmheasa nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 94(1) ná na coinníollacha in Airteagal 325a(1), i ndáil le gach suíomh leabhair trádála a bhaineann leo agus gach suíomh leabhair neamhthrádála atá faoi réir ►C3  riosca ◄ malairte eachtraí nó ►C3  riosca ◄ tráchtearraí a bhaineann leo, torthaí na ríomhanna bunaithe ar úsáid a bhaint as an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí ar an mbonn céanna agus a thuairiscíonn na hinstitiúidí sin na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí (b)(i) agus (c) d'Airteagal 92(3).”;
(31) 

in Airteagal 456(1), scriostar pointí (f) agus (g);

(32) 

leasaítear Airteagal 493 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“Go dtí an 26 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le ►C3  neamhchosaint ◄ mhór a leagtar síos in Airteagail 387 go 403 den Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí (5), (6), (7), (9), (10) agus (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach raibh feidhm ag Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *8 ) ina leith an 31 Nollaig 2006.

(b) 

scriostar mír 2;

▼C2

(33) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 498:

“Airteagal 498

Díolúine do Dhéileálaithe tráchtearraí

Go dtí an 26 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le ceanglais cistí dílse a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí (5), (6), (7), (9), (10) agus (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach raibh feidhm ag Treoir 2004/39/CE ina leith an 31 Nollaig 2006.”;

▼B

(34) 

in Airteagal 508, scriostar míreanna 2 agus 3.

(35) 

i bpointe (1) d'Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) 

formhuinithe ar bhillí nach bhfuil ainm institiúide nó gnólachta infheistíochta eile orthu;”;

(36) 

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a) 

i bpointe (3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) 

ní oibleagáid de chuid institiúide nó gnólachta infheistíochta nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe iad.”;

(b) 

i bpointe (5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) 

ní oibleagáid de chuid institiúide nó gnólachta infheistíochta nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe iad.”;

(c) 

i bpointe (6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) 

ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó gnólacht infheistíochta nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe;”;

(d) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7. 

Urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointe 3 go pointe 6 a cháilíonn d'ualú ►C3  riosca ◄ 50 % nó níos mó ná sin faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó gnólacht infheistíochta nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe.”;

(e) 

cuirtear an méid seo a leanas ionad mhír 11:

“11. 

Scaireanna gnáthchothromais atá trádáilte ar an stocmhalartán agus atá imréitithe ar bhonn lárnach, agus atá mar fhochuid de mhórinnéacs malartáin, ainmnithe in airgeadra intíre an Bhallstáit agus nach n-eisítear ag institiúid ná gnólacht infheistíochta ná ag aon cheann de chleamhnaithe na hinstitiúide nó an ghnólachta infheistíochta sin.”.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.