4. Leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear do na ceanglais i ndlíthe náisiúnta na mBallstát maidir le seirbhísiú a dhéanamh ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, i gcás inarb eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) é an ceannaitheoir creidmheasa chomh fada agus gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na dlíthe náisiúnta sin:
|
(a)
|
ní dhéantar difear don leibhéal cosanta tomhaltóirí dá bhforáiltear sa Treoir seo;
|
|
(b)
|
áirithítear go bhfaighidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá ó sheirbhíseoirí creidmheasa.
|