+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3
---+Airteagal 2 4
---+Airteagal 2 5
---+Airteagal 2 6
|
Airteagal 2 Raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1
|
1. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
seirbhíseoirí creidmheasa a ghníomhaíonn thar ceann ceannaitheoir creidmheasa i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme;
|
|
(b)
|
ceannaitheoirí creidmheasa ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
|
|
|
Airteagal 2 2
|
2. Maidir le comhaontuithe creidmheasa a thagann faoina raon feidhme, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do phrionsabail dhlí na gconarthaí ná do phrionsabail an dlí shibhialta faoin dlí náisiúnta maidir le cearta creidiúnaí a aistriú faoi chomhaontú creidmheasa, nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin a aistriú, ná don chosaint a dheonaítear do thomhaltóirí nó d’iasachtaithe go háirithe de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 593/2008 agus (AE) Uimh. 1215/2012, agus Threoracha 93/13/CEE, 2008/48/CE agus 2014/17/AE agus na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha sin nó forálacha ábhartha eile de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus cearta iasachtaithe.
|
|
Airteagal 2 3
|
3. Leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear do na srianta a fhorchuirtear i ndlíthe náisiúnta na mBallstát maidir le cearta creidiúnaí a aistriú faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin a aistriú, nach bhfuil thar téarma, nó atá níos lú ná 90 lá thar téarma, nó nach bhfuil foirceanta i gcomhréir leis an dlí sibhialta náisiúnta.
|
|
Airteagal 2 4
|
4. Leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear do na ceanglais i ndlíthe náisiúnta na mBallstát maidir le seirbhísiú a dhéanamh ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, i gcás inarb eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) é an ceannaitheoir creidmheasa chomh fada agus gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na dlíthe náisiúnta sin:
|
(a)
|
ní dhéantar difear don leibhéal cosanta tomhaltóirí dá bhforáiltear sa Treoir seo;
|
|
(b)
|
áirithítear go bhfaighidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá ó sheirbhíseoirí creidmheasa.
|
|
|
Airteagal 2 5
|
5. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an seirbhísiú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, arna dhéanamh ag:
|
(i)
|
institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas;
|
|
(ii)
|
bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó cuideachta bainistíochta, nó cuideachta infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE ar choinníoll nár ainmnigh an chuideachta infheistíochta cuideachta bainistíochta faoin Treoir sin, thar ceann an chiste a ndéanann sí bainistiú air;
|
|
(iii)
|
institiúid neamhchreidmheasa atá faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2008/48/CE nó le hAirteagal 35 de Threoir 2014/17/AE agus gníomhaíochtaí á ndéanamh aici sa Bhallstát sin;
|
|
|
(b)
|
an seirbhísiú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, nár eisigh institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas ach amháin i gcás ina gcuirtear comhaontú creidmheasa arna eisiúint ag institiúid creidmheasa den sórt sin in ionad chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, nó in ionad an chomhaontaithe creidmheasa féin;
|
|
(c)
|
ceannach ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas;
|
|
(d)
|
aistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó an chomhaontaithe creidmheasa féin, a aistríodh roimh an dáta dá dtagraítear in Airteagal 32(2), an chéad fhomhír.
|
|
|
Airteagal 2 6
|
6. An seirbhísiú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, arna dhéanamh ag nótairí poiblí agus báillí mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta nó ag dlíodóirí mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), pointe (a), de Threoir 98/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu mar chuid dá ngairm, féadfaidh na Ballstáit an seirbhísiú sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|