+Airteagal 5 Ceanglais maidir le húdarú a dheonú
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
|
Airteagal 5 Ceanglais maidir le húdarú a dheonú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Gan dochar d’Airteagal 6, déanfaidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas a leagan síos maidir le húdarú dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a dheonú:
|
(a)
|
is duine dlítheanach é an t-iarratasóir amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus tá a oifig chláraithe nó, mura bhfuil oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig, sa Bhallstát ina bhfuil údarú á lorg ag an iarratasóir;
|
|
(b)
|
tá dea-cháil leordhóthanach ar chomhaltaí orgán bainistíochta nó riaracháin an iarratasóra, rud a léirítear trí chruthúnas a thabhairt ar an méid seo a leanas:
|
(i)
|
tá taifead póilíneachta nó taifead náisiúnta eile ar bhonn comhionann acu atá glan i ndáil le cionta coiriúla ábhartha, go háirithe na cionta sin a bhaineann le maoin, seirbhísí agus gníomhaíochtaí airgeadais, sciúradh airgid, úsaireacht, calaois, coireanna cánach, sárú ar rúndacht ghairmiúil nó le sláine fhisiciúil, agus freisin i ndáil le haon chionta eile faoi dhlíthe a bhaineann le cuideachtaí, féimheacht, dócmhainneacht nó cosaint tomhaltóirí;
|
|
(ii)
|
ní chuirfear as dá ndea-cháil le héifeachtaí carnacha mioneachtraí;
|
|
(iii)
|
bhí siad trédhearcach, oscailte agus comhoibritheach i gcónaí ina ndéileálacha go dtí seo leis na húdaráis mhaoirseachta agus rialála;
|
|
(iv)
|
níl siad faoi réir aon nós imeachta dócmhainneachta leanúnach ná níor dearbhaíodh féimheach roimhe sin iad mura ndearnadh iad a aischur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
|
|
|
(c)
|
tá eolas agus taithí leormhaith ag orgán bainistíochta nó riaracháin an iarratasóra chun an gnó a dhéanamh ar bhealach inniúil agus freagrach;
|
|
(d)
|
tá dea-cháil leordhóthanach ar na daoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha san iarratasóir ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rud a léirítear trí na ceanglais a leagtar amach i bpointí (b)(i) agus (iv) den mhír seo a chomhlíonadh;
|
|
(e)
|
tá socruithe daingne rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh leormhaithe i bhfeidhm ag an iarratasóir, lena n-áirítear nósanna imeachta bainistithe riosca agus cuntasaíochta, lena n-áirithítear go n-urramaítear cearta iasachtaithe agus go gcomhlíontar na dlíthe lena rialaítear cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó an comhaontú creidmheasa féin, agus go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679;
|
|
(f)
|
cuireann an t-iarratasóir beartas iomchuí i bhfeidhm lena n-áirithítear comhlíonadh na rialacha i dtaobh iasachtaithe a chosaint agus go gcaithfear go cothrom agus go dícheallach leo, lena n-áirítear trína stádas airgeadais agus, i gcás ina mbeidh sin ar fáil, an gá atá ann iasachtaithe den sórt sin a threorú chuig seirbhísí comhairle fiachais nó chuig seirbhísí sóisialta a chur san áireamh;
|
|
(g)
|
tá nósanna imeachta inmheánacha leormhaithe agus sonracha i bhfeidhm ag an iarratasóir lena n-áirithítear go ndéanfar gearáin ó iasachtaithe a thaifeadadh agus a láimhseáil;
|
|
(h)
|
tá nósanna imeachta leormhaithe maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta i bhfeidhm ag an iarratasóir i gcás ina n-ainmnítear, le forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849, seirbhíseoirí creidmheasa mar eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac;
|
|
(i)
|
tá an t-iarratasóir, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme, faoi réir ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh poiblí.
|
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Déanfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus na leasanna uile lena mbaineann a léiriú, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Diúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údarú dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a dheonú i gcás nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 6(2), pointe (a).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|