+Airteagal 6 Cumas cistí a shealbhú
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
|
Airteagal 6 Cumas cistí a shealbhú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Cinnfidh na Ballstáit an fíor an méid seo a leanas maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu ina gcríoch:
|
(a)
|
tá cead acu cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú chun na cistí sin a aistriú chuig ceannaitheoirí creidmheasa; nó
|
|
(b)
|
tá toirmeasc orthu cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.
|
|
|
Airteagal 6 2
|
2. I gcásanna ina gceadaítear do sheirbhíseoirí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú faoi mhír 1, pointe (a), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a)
|
ceanglas a leagan síos, sa bhreis ar na ceanglais maidir le húdarú a dheonú a leagtar amach in Airteagal 5(1), go bhfuil cuntas ar leithligh ag an iarratasóir in institiúid creidmheasa ina nbhfuiltear chun gach ciste a fhaightear ó iasachtaithe a chreidiúnú agus a shealbhú go dtí go gcuirfear chuig an gceannaitheoir creidmheasa faoi seach iad, faoi na coinníollacha arna gcomhaontú leis an gceannaitheoir creidmheasa;
|
|
(b)
|
a áirithiú go ndéantar na cistí sin a chosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar mhaithe leis na ceannaitheoirí creidmheasa i gcoinne éilimh chreidiúnaithe eile na seirbhíseoirí creidmheasa, go háirithe i gcás dócmhainneachta;
|
|
(c)
|
a chinneadh, i gcás ina ndéanann iasachtaí íocaíocht le seirbhíseoir creidmheasa chun na méideanna atá dlite a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, a aisíoc i bpáirt nó go hiomlán, go gcaitear leis an íocaíocht sin mar íocaíocht a íocadh leis an gceannaitheoir creidmheasa;
|
|
(d)
|
ceangal a chur ar sheirbhíseoir creidmheasa admháil nó litir urscaoilte a sheachadadh chuig an iasachtaí, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, aon uair a fhaigheann an seirbhíseoir creidmheasa cistí ón iasachtaí, lena n-admhaítear na suimeanna a fuarthas.
|
|
|
Airteagal 6 3
|
3. I gcás nach bhfuil sé beartaithe ag seirbhíseoir creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú mar chuid dá shamhail ghnó, cuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa an méid atá beartaithe aige in iúl ina iarratas ar an údarú dá dtagraítear in Airteagal 4(1). I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i gcomhréir le i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|