+Airteagal 8 Údarú a tharraingt siar
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
|
Airteagal 8 Údarú a tharraingt siar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá, agus na cumhachtaí smachtbhannaí, i gcomhréir le hAirteagal 22 chun an t-údarú a deonaíodh do sheirbhíseoir creidmheasa a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas maidir le seirbhíseoir creidmheasa den sórt sin:
|
(a)
|
ní bhaineann sé úsáid as an údarú laistigh de 12 mhí ón tráth a deonaíodh é;
|
|
(b)
|
déanann sé an t-údarú a thréigean go sainráite;
|
|
(c)
|
scoir sé de bheith i mbun gníomhaíochtaí seirbhíseora creidmheasa le níos mó ná 12 mhí;
|
|
(d)
|
tá údarú faighte aige trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí mhodhanna neamhrialta eile;
|
|
(e)
|
ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le húdarú a dheonú mar sheirbhíseoir creidmheasa a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 6(2), pointe (a);
|
|
(f)
|
déanann sé sárú tromchúiseach ar na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, nó ar rialacha eile maidir le cosaint tomhaltóirí, lena n-áirítear rialacha is infheidhme an Bhallstáit óstaigh agus an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas.
|
|
|
Airteagal 8 2
|
2. I gcás ina dtarraingítear siar údarú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas láithreach i gcásanna ina soláthraíonn an seirbhíseoir creidmheasa seirbhísí faoi Airteagal 13, agus go ndéanfar amhlaidh freisin i gcás údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|