1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go gcothabhálfaidh na húdaráis inniúla ar a laghad liosta nó, i gcás ina meastar é a bheith níos iomchuí, clár náisiúnta, de na seirbhíseoirí creidmheasa uile atá údaraithe seirbhísí a sholáthar laistigh dá gcríoch, lena n-áirítear seirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí faoi Airteagal 13 den Treoir seo.
Forbróidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le liostaí nó cláir den sórt sin a bhunú agus a chothabháil agus maidir leis na cineálacha faisnéise atá iontu a shonrú chun machaire comhréidh a ráthú ar fud an Aontais agus chun trédhearcacht a ráthú do cheannaitheoirí creidmheasa agus d’iasachtaithe.