+Airteagal 11 Caidreamh conarthach idir seirbhíseoir creidmheasa agus ceannaitheoir creidmheasa
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5
|
Airteagal 11 Caidreamh conarthach idir seirbhíseoir creidmheasa agus ceannaitheoir creidmheasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Nuair nach ndéanann ceannaitheoir creidmheasa é féin gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar a sheirbhísí i leith cearta creidiúnaí a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ar bhonn comhaontú seirbhísithe creidmheasa leis an gceannaitheoir creidmheasa.
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas sa chomhaontú seirbhísithe creidmheasa dá dtagraítear i mír 1:
|
(a)
|
tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa atá le déanamh ag an seirbhíseoir creidmheasa;
|
|
(b)
|
leibhéal luach saothair an tseirbhíseora creidmheasa nó conas a dhéanfar an luach saothair a ríomh;
|
|
(c)
|
a mhéid agus is féidir leis an seirbhíseoir creidmheasa ionadaíocht a dhéanamh ar an gceannaitheoir creidmheasa i ndáil leis an iasachtaí;
|
|
(d)
|
gealltanas ó na páirtithe dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontaú creidmheasa féin, a chomhlíonadh, lena n-áirítear i leith cosaint tomhaltóirí agus sonraí;
|
|
(e)
|
clásal lena gceanglaítear caitheamh go cothrom agus go dícheallach leis na hiasachtaithe.
|
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceanglas sa chomhaontú seirbhísithe creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, ceanglas ar dá bhun a thugann an seirbhíseoir creidmheasa fógra don cheannaitheoir creidmheasa sula ndéanfaidh sé aon cheann dá ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú.
|
|
Airteagal 11 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa na taifid seo a leanas a choimeád agus a chothabháil ar feadh 5 bliana ar a laghad ón dáta ar a ndéantar an comhaontú seirbhísithe creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, nó ar feadh na tréimhse teorann reachtúla is infheidhme sa Bhallstát baile, ach i gceachtar cás ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana:
|
(a)
|
comhfhreagras ábhartha leis an gceannaitheoir creidmheasa agus leis an iasachtaí araon, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme;
|
|
(b)
|
treoracha ábhartha a fuarthas ón gceannaitheoir creidmheasa i leith cearta creidiúnaí faoi gach comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, a ndéanann sé bainistiú agus forghníomhú orthu nó air thar ceann an cheannaitheora creidmheasa sin, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme;
|
|
(c)
|
an comhaontú seirbhísithe creidmheasa.
|
|
|
Airteagal 11 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa na taifid dá dtagraítear i mír 4 ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|