10. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil fianaise ag údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, go sáraíonn seirbhíseoir creidmheasa na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, nó sna rialacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcreidmheas nó an comhaontú creidmheasa, go dtarchuirfidh siad an fhianaise sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus go n-iarrfaidh siad ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí a dhéanamh, gan dochar do chumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, ná do chumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas chun pionóis a fhorchur, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.