11. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile mionsonraí aon nós imeachta riaracháin nó nós imeachta eile a tionscnaíodh i leith na fianaise a sholáthair an Ballstát óstach, nó aon phionóis riaracháin nó bearta ceartaitheacha a rinneadh i gcoinne an tseirbhíseora creidmheasa, nó cinneadh réasúnaithe a bhí le gan aon bhearta a dhéanamh, a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a tharchur an fhianaise tráth nach déanaí ná 2 mhí ó dháta na hiarrata dá dtagraítear i mír 9. I gcás ina dtionscnaítear nós imeachta, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas go rialta faoina stádas.