1. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh institiúid creidmheasa an fhaisnéis is gá do cheannaitheoir creidmheasa ionchasach maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, agus, más infheidhme, maidir leis an gcomhthaobhacht, ionas go mbeidh an ceannaitheoir creidmheasa ionchasach in ann a mheasúnú féin a dhéanamh ar luach chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar luach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus ar an dóchúlacht go n-aisghabhfar luach an chomhaontaithe sin sula ndéanfaidh sé conradh maidir le haistriú chearta an chreidiúnaí sin faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillhmheach, nó maidir le haistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus cosaint na faisnéise a chuir an institiúid creidmheasa ar fáil agus cosaint rúndacht na sonraí gnó á n-áirithiú aige.