+Airteagal 15 Ceart chun faisnéise maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
|
Airteagal 15 Ceart chun faisnéise maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh institiúid creidmheasa an fhaisnéis is gá do cheannaitheoir creidmheasa ionchasach maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, agus, más infheidhme, maidir leis an gcomhthaobhacht, ionas go mbeidh an ceannaitheoir creidmheasa ionchasach in ann a mheasúnú féin a dhéanamh ar luach chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar luach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus ar an dóchúlacht go n-aisghabhfar luach an chomhaontaithe sin sula ndéanfaidh sé conradh maidir le haistriú chearta an chreidiúnaí sin faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillhmheach, nó maidir le haistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus cosaint na faisnéise a chuir an institiúid creidmheasa ar fáil agus cosaint rúndacht na sonraí gnó á n-áirithiú aige.
|
|
Airteagal 15 2
|
2. Ar bhonn débhliantúil, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar institiúidí creidmheasa a aistríonn chuig ceannaitheoir creidmheasa cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Treoir seo, agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19, nó i gcás nach ann d’aitheantóir den sórt sin:
|
(i)
|
céannacht an cheannaitheora creidmheasa nó céannacht chomhaltaí orgán bainistíochta agus riaracháin an cheannaitheora creidmheasa agus na ndaoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa cheannaitheoir creidmheasa ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
|
|
(ii)
|
seoladh an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, seoladh a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19;
|
|
|
(b)
|
iarmhéid comhiomlán gan íoc chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó iarmhéid comhiomlán gan íoc na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;
|
|
(c)
|
líon agus méid chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó líon agus méid na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;
|
|
(d)
|
an bhfuil cearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, nó na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha iad féin, a tugadh i gcrích le tomhaltóirí agus na cineálacha sócmhainní lena n-urraítear na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha san áireamh san aistriú, nuair is infheidhme.
|
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 a chur de cheangal ar institiúidí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar ar bhonn ráithiúil nuair a mheasann na húdaráis inniúla sin go bhfuil gá leis, lena n-áirítear d’fhonn faireachán níos fearr a dhéanamh ar líon mór aistrithe a d’fhéadfadh tarlú le linn tréimhse ghéarchéime.
|
|
Airteagal 15 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, agus aon fhaisnéis eile a mheasann siad a bheith riachtanach chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, a chur in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla Bhallstát baile an cheannaitheora creidmheasa.
|
|
Airteagal 15 5
|
5. Cuirfear míreanna 1 go 4 i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|