5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar, nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gceannaitheoir creidmheasa de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus Airteagail 18 agus 20 a chomhlíonadh thar ceann an cheannaitheora creidmheasa. I gcásanna nach gceaptar seirbhíseoir creidmheasa nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), leanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí de bheith faoi réir na n-oibleagáidí sin.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar, nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gceannaitheoir creidmheasa i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-áirítear i ndáil le mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann an cheannaitheora creidmheasa.