+Airteagal 17 Oibleagáidí ceannaitheoirí creidmheasa
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
---+Airteagal 17 3
---+Airteagal 17 4
---+Airteagal 17 5
|
Airteagal 17 Oibleagáidí ceannaitheoirí creidmheasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a)
|
ceapfaidh ceannaitheoir creidmheasa a bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí;
|
|
(b)
|
i gcás nach bhfuil sainchónaí ar cheannaitheoir creidmheasa san Aontas, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas, déanfaidh a ionadaí, atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19(1), eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, a cheapadh, ach amháin i gcásanna inar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, é an t-ionadaí féin, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna dtabhairt i gcrích le:
|
(i)
|
daoine nádúrtha, lena n-áirítear tomhaltóirí agus oibrithe neamhspleácha;
|
|
(ii)
|
micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (23).
|
|
Féadfaidh na Ballstáit óstacha an ceanglas dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a leathnú chuig comhaontuithe creidmheasa eile.
|
|
Airteagal 17 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh ceannaitheoir creidmheasa faoi réir aon cheanglais bhreise maidir le ceannach ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ceannach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, seachas mar a fhoráiltear sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, nó i bhforálacha an dlí um chosaint tomhaltóirí, dlí na gconarthaí, an dlí sibhialta nó an dlí coiriúil is infheidhme. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha a bhaineann go háirithe le forfheidhmiú conarthaí, cosaint tomhaltóirí, cearta iasachtaithe, tionscnamh creidmheasa, rialacha rúndachta banc agus an dlí coiriúil d’fheidhm a bheith acu maidir leis an gceannaitheoir creidmheasa ar aistriú chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, nó ar aistriú an chomhaontaithe creidmheasa féin, chuig an gceannaitheoir creidmheasa. Ní dhéanfar difear don leibhéal cosanta a chuirtear ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta do thomhaltóirí agus d’iasachtaithe eile, mar aon le rialacha dócmhainneachta, le haistriú chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, nó le haistriú an chomhaontaithe creidmheasa féin, chuig ceannaitheoir creidmheasa, gan dochar do rialacha náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le nótaí gealltanais ná billí malairte.
|
|
Airteagal 17 3
|
3. Ní dochar an Treoir seo do chumhachtaí náisiúnta maidir le cláir chreidmheasa, lena n-áirítear an chumhacht faisnéis a éileamh ar cheannaitheoirí creidmheasa maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin, agus maidir lena fheidhmíocht.
|
|
Airteagal 17 4
|
4. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do cheannaitheoirí creidmheasa daoine nádúrtha a fhostú chun na comhaontuithe creidmheasa atá faighte acu a sheirbhísiú. Beidh na daoine nádúrtha sin faoi réir córas náisiúnta rialála agus maoirseachta agus ní bhainfidh siad tairbhe as an tsaoirse dá bhforáiltear sa Treoir seo chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i mBallstát eile.
|
|
Airteagal 17 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar, nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gceannaitheoir creidmheasa de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus Airteagail 18 agus 20 a chomhlíonadh thar ceann an cheannaitheora creidmheasa. I gcásanna nach gceaptar seirbhíseoir creidmheasa nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), leanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí de bheith faoi réir na n-oibleagáidí sin.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar, nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gceannaitheoir creidmheasa i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-áirítear i ndáil le mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann an cheannaitheora creidmheasa.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|