5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm le go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun mhír 3 den Airteagal seo an fhaisnéis is gá a fháil ó cheannaitheoirí creidmheasa nó a n-ionadaithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, seirbhíseoirí creidmheasa, soláthraithe seirbhísí creidmheasa ar chucu a sheachfhoinsíonn seirbhíseoir creidmheasa gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa faoi Airteagal 12, iasachtaithe nó aon duine eile nó aon údarás poiblí eile, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
measúnú ar chomhlíontacht leanúnach na gceanglas a leagtar síos sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo;
|
|
(b)
|
sáruithe féideartha ar na ceanglais sin a imscrúdú;
|
|
(c)
|
pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23.
|