5. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, nó an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, a chur ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 3 arna iarraidh sin ar cheann de na húdaráis inniúla sin, nó i gcás ina measann údaráis inniúla an Bhallstáit baile gurb iomchuí sin. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile mionsonraí aon phionóis riaracháin nó aon bhearta ceartaitheacha arna bhforchur a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus, i gcás inarb iomchuí, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.