+Airteagal 28 Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE
---+Airteagal 28 (1)
---+Airteagal 28 (2)
---+Airteagal 28 (3)
|
Airteagal 28 Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE
Leasaítear Treoir 2014/17/AE mar a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 (1)
|
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 27a
Faisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa a mhodhnú
Gan dochar d’oibleagáidí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfaidh an creidiúnaí téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a mhodhnú, go gcuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don tomhaltóir:
|
(a)
|
tuairisc shoiléir ar na hathruithe atá molta agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó ar na hathruithe a tugadh isteach trí fheidhmiú an dlí;
|
|
(b)
|
clár ama chun na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur chun feidhme;
|
|
(c)
|
na modhanna gearáin atá ar fáil don tomhaltóir maidir leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a);
|
|
(d)
|
an tréimhse ama inar féidir aon ghearán den sórt sin a thaisceadh;
|
|
(e)
|
ainm agus seoladh an údaráis inniúil ar féidir leis an tomhaltóir an gearán sin a chur faoina bhráid.”;
|
|
|
Airteagal 28 (2)
|
leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
|
(a)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta leormhaithe a bheith acu ionas go ndéanfaidh siad iarrachtaí, i gcás inarb iomchuí, ar staonadh réasúnta a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí foriaimh. Leis na bearta staonta sin, cuirfear san áireamh, i measc gnéithe eile, imthosca an tomhaltóra agus féadfar na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith i gceist leo:
|
(a)
|
athmhaoiniú iomlán nó páirteach comhaontaithe creidmheasa;
|
|
(b)
|
modhnú ar théarmaí agus ar choinníollacha reatha comhaontaithe creidmheasa, a bhféadfaidh na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann:
|
(i)
|
síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;
|
|
(ii)
|
an cineál comhaontaithe creidmheasa a athrú;
|
|
(iii)
|
íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad nó cuid di a iarchur go ceann tréimhse;
|
|
(iv)
|
an ráta úis a athrú;
|
|
(v)
|
sos íocaíochta a thairiscint;
|
|
(vi)
|
aisíocaíochtaí páirteacha;
|
|
(viii)
|
maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.”;
|
|
|
|
(b)
|
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
“1a. Ní dochar liosta na mbeart staonta féideartha a leagtar amach i mír 1, pointe (b), do na rialacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus ní cheanglaítear leis ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do na bearta sin uile ina ndlí náisiúnta.”;
|
|
|
Airteagal 28 (3)
|
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 28a
Cearta an chreidiúnaí nó an comhaontú creidmheasa féin a shannadh
1. I gcás ina sannfar cearta an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó an comhaontú creidmheasa féin, do thríú páirtí, beidh an tomhaltóir i dteideal aon chosaint a bhí ar fáil ag an tomhaltóir i gcoinne an chreidiúnaí bunaidh a phléadáil i gcoinne an tsannaí, lena n-áirítear fritháireamh i gcás inar ceadmhach sin sa Bhallstát lena mbaineann.
2. Cuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi shannadh dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcás ina leanfaidh an creidiúnaí bunaidh, trí chomhaontú leis an sannaí, den chreidmheas a sheirbhísiú i leith an tomhaltóra.”.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|