|
+Airteagal 6 3. |
Airteagal 6 3.An méid seo a leanas amháin a bheidh cáilithe mar choinneáil nach lú ná 5 % de ghlanleas eacnamaíoch ábhartha de réir bhrí mhír 1:
(a)
coinneáil nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na tráinsí arna ndíol nó arna n-aistriú chuig na hinfheisteoirí;
(b)
i gcás urrúsuithe imrothlacha nó urrúsuithe neamhchosaintí imrothlacha, coinneáil leas an tionscnóra nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na neamhchosaintí urrúsaithe;
(c)
coinneáil neamhchosaintí arna roghnú go randamach, atá coibhéiseach le méid nach lú ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe, sa chás ina mbeadh neamhchosaintí neamhurrúsaithe den sórt sin urrúsaithe laistigh den urrúsú in imthosca eile, ar an gcoinníoll nach lú ná 100 líon na neamhchosaintí a d’fhéadfadh a bheith urrúsaithe tráth an tionscanta;
(d)
coinneáil an tráinse céadchaillteanais agus, más gá, i gcás nach 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe í an choinneáil sin, coinneáil tráinsí eile a bhfuil an phróifíl riosca chéanna nó próifíl riosca níos déine acu ná iad sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo agus nach dtiocfaidh in aibíocht níos luaithe ná na cinn sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo, ionas nach lú an choinneáil ina hiomlán ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe; nó nó
(e)
coinneáil neamhchosanta céadchaillteanais nach lú ná 5 % de gach neamhchosaint urrúsaithe san urrúsú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|