+Airteagal 6 Rioscaí a choinneáil
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 3a.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
|
Airteagal 6 Rioscaí a choinneáil
Rioscaí a choinneáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Déanfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh glanleas eacnamaíoch ábhartha san urrúsú nach lú ná 5 % a choinneáil ar bhonn leanúnach.Déanfar an leas sin a thomhas tráth an tionscanta agus cinnfear é de réir luach barúlach na n-ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe. I gcás nár chomhaontaigh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh eatarthu cé acu a choinneoidh an glanleas eacnamaíoch ábhartha, is é an tionscnóir a choinneoidh an glanleas eacnamaíoch ábhartha sin. Ní dhéanfar na ceanglais choinneála a bhaineann le haon urrúsú faoi leith a chur i bhfeidhm níos mó ná uair amháin. Ní dhéanfar an glanleas eacnamaíoch ábhartha a roinnt idir cineálacha éagsúla coinneálaithe ná ní bheidh sé faoi réir aon mhaolaithe riosca creidmheasa ná fálaithe. Chun críocha an Airteagail seo, ní mheasfar gur tionscnóir eintiteas má bunaíodh an t-eintiteas nó má tá sé ag feidhmiú chun neamhchosaintí a urrúsú agus chun na críche sin amháin. Agus an glanleas eacnamaíoch ábhartha á thomhas, déanfaidh an coinneálaí aon táillí a chur san áireamh a bhféadfaí úsáid a bhaint astu, i gcleachtas, chun laghdú a dhéanamh ar an nglanleas eacnamaíoch ábhartha iarbhír. I gcás urrúsuithe traidisiúnta NPE, féadfaidh an seirbhíseoir ceanglas na míre seo a chomhlíonadh freisin ar choinníoll gur féidir leis an seirbhíseoir a léiriú go bhfuil saineolas aige maidir le seirbhísiú a dhéanamh ar neamhchosaintí atá comhchosúil leis na neamhchosaintí urrúsaithe agus go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca i bhfeidhm aige atá dea-dhoiciméadaithe agus leormhaith a bhaineann le seirbhísiú a dhéanamh ar neamhchosaintí.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Ní roghnóidh tionscnóirí sócmhainní le haistriú chuig an SSPE leis an aidhm go gcuirtear caillteanais ar na sócmhainní atá á n-aistriú chuig an SSPE, a dhéantar a thomhas thar shaolré an idirbhirt, nó thar uastréimhse 4 bliana i gcás idirbhirt le saolré níos faide ná 4 bliana, atá níos airde ná na caillteanais thar an tréimhse chéanna ar shócmhainní inchomparáide ar chlár comhardaithe an tionscnóra. I gcás ina bhfaigheann an t-údarás inniúil fianaise a thugann le tuiscint gur tharla sárú ar an toirmeasc sin, déanfaidh an t-údarás inniúil feidhmíocht na sócmhainní a aistríodh chuig an SSPE agus sócmhainní inchomparáide ar chlár comhardaithe an tionscnóra a fhiosrú. Más rud e go bhfuil feidhmíocht na sócmhainní a aistríodh i bhfad níos ísle ná na sócmhainní inchomparáide ar chlár comhardaithe an tionscnóra mar thoradh ar rún an tionscnóra, déanfaidh an t-údarás inniúil smachtbhanna a fhorchur de bhun Airteagal 32 agus Airteagal 33.
|
|
Airteagal 6 3.
|
An méid seo a leanas amháin a bheidh cáilithe mar choinneáil nach lú ná 5 % de ghlanleas eacnamaíoch ábhartha de réir bhrí mhír 1:
(a)
coinneáil nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na tráinsí arna ndíol nó arna n-aistriú chuig na hinfheisteoirí;
(b)
i gcás urrúsuithe imrothlacha nó urrúsuithe neamhchosaintí imrothlacha, coinneáil leas an tionscnóra nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na neamhchosaintí urrúsaithe;
(c)
coinneáil neamhchosaintí arna roghnú go randamach, atá coibhéiseach le méid nach lú ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe, sa chás ina mbeadh neamhchosaintí neamhurrúsaithe den sórt sin urrúsaithe laistigh den urrúsú in imthosca eile, ar an gcoinníoll nach lú ná 100 líon na neamhchosaintí a d’fhéadfadh a bheith urrúsaithe tráth an tionscanta;
(d)
coinneáil an tráinse céadchaillteanais agus, más gá, i gcás nach 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe í an choinneáil sin, coinneáil tráinsí eile a bhfuil an phróifíl riosca chéanna nó próifíl riosca níos déine acu ná iad sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo agus nach dtiocfaidh in aibíocht níos luaithe ná na cinn sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo, ionas nach lú an choinneáil ina hiomlán ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe; nó nó
(e)
coinneáil neamhchosanta céadchaillteanais nach lú ná 5 % de gach neamhchosaint urrúsaithe san urrúsú.
|
|
Airteagal 6 3a.
|
De mhaolú ar mhír 3, i gcás urrúsuithe NPE, i gcás inar comhaontaíodh lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha, maidir le glanleas eacnamaíoch ábhartha a choinneáil chun críocha na míre sin, ní bheidh an choinneáil sin níos lú ná 5% de shuim ghlanluach na neamhchosaintí urrúsaithe a cháilíonn mar neamhchosaintí neamhthuillmheacha ná, más infheidhme, luach ainmniúil aon neamhchosaintí tuillmheacha urrúsaithe. Déanfar glanluach na neamhchosanta neamhthuillmhí a ríomh tríd an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha, a comhaontaíodh ar leibhéal na neamhchosanta urrúsaithe aonair tráth a tionscanta nó, i gcás inarb infheidhme, sciar comhfhreagrach den lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a comhaontaíodh ar leibhéal an chomhthiomsaithe de neamhchosaintí foluiteacha tráth a tionscanta a asbhaint as luach ainmniúil na neamhchosanta nó, i gcás inarb infheidhme, as an luach gan íoc atá uirthi tráth a tionscanta. Thairis sin, chun glanluach na neamhchosaintí neamhthuillmheacha urrúsaithe a chinneadh, féadfar a áireamh leis an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha an difríocht idir méid ainmniúil thráinsí urrúsú NPE arna fhrithghealladh ag an tionscnóir chun iad a dhíol ina dhiaidh sin agus an praghas ar a ndíoltar na tráinsí sin den chéad uair le tríú páirtithe neamhghaolmara.
|
|
Airteagal 6 4.
|
I gcás ina ndéanann cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe san Aontas de réir Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
), máthairinstitiúid nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais atá bunaithe san Aontas, nó ceann dá cuid fochuideachtaí de réir bhrí Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 575/2013, go ndéanann sí, mar thionscnóir nó mar urraitheoir, urrúsú ar neamhchosaintí ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí creidmheasa, de ghnólachtaí infheistíochta nó d’institiúidí airgeadais eile a áirítear faoi raon feidhme na maoirseachta a dhéantar ar bhonn comhdhlúite, féadfar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais, nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha lena mbaineann agus atá bunaithe san Aontas. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i gcás ina gcloíonn na hinstitiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí airgeadais a chruthaigh na neamhchosaintí urrúsaithe leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 79 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
) agus i gcás inagcuireann siad an fhaisnéis is gá chun na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Rialachán seo a chomhlíonadh ar fáil in am trátha don tionscnóir nó don urraitheoir agus do mháthairinstitiúid chreidmheasa an Aontais, don chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó do chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe san Aontas.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inar neamhchosaintí maidir leo seo a leanas iad na neamhchosaintí urrúsaithe i gceist nó inar neamhchosaintí iad atá ráthaithe go hiomlán, go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe:
(a)
ag rialtais láir nó bainc cheannais;
(b)
ag rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis de chuid na hearnála poiblí, sna Ballstáit, de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
ag institiúidí dá sanntar ualú riosca 50 % nó níos lú faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(d)
ag bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó institiúidí de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
); nó
(e)
ag na bainc forbartha iltaobhacha atá liostaithe in Airteagal 117 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 6 6.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hidirbhearta atá bunaithe ar innéacs soiléir, trédhearcach, inrochtana, i gcás ina bhfuil na heintitis tagartha fholuiteacha comhionann leo sin atá ar áireamh in innéacs eintiteas a dhéantar a thrádáil go forleathan, nó i gcás inar urrúis intrádála eile iad seachas suíomhanna urrúsúcháin.
|
|
Airteagal 6 7.
|
Forbróidh an ÚBE, i ndlúthchomhar leis an ÚEUM agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an ceanglas maidir le coinneáil riosca a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe, go háirithe i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a)
na módúlachtaí a bhaineann le riosca a choinneáil de bhun mhír 3, lena n-áirítear comhlíontacht trí chineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála;
(b)
leibhéal na coinneála dá dtagraítear i mír 1 a thomhas;
(c)
fálú nó díol an leasa atá á choinneáil a thoirmeasc;
(d)
na coinníollacha a bhaineann le coinneáil ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 4;
(e)
na coinníollacha a bhaineann le hidirbhearta a dhíolmhú bunaithe ar innéacs soiléir, trédhearcach, inrochtana dá dtagraítear i mír 6;
▼M1
(f)
na módúlachtaí a bhaineann le riosca a choinneáil de bhun mhíreanna 3 agus 3a i gcás urrúsuithe NPE;
(g)
iarmhairt na dtáillí arna n-íoc leis an gcoinneálaí ar an nglanleas eacnamaíoch ábhartha iarbhír de réir bhrí mhír 1.
Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|