|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.I gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do shealbhóirí suímh urrúsúcháin, do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha:
(a)
faisnéis maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha ar bhonn ráithiúil, nó, i gcás ABCP, faisnéis maidir leis na hearraí infhaighte foluiteacha nó na héilimh chreidmheasa fholuiteacha ar bhonn míosúil;
(b)
an doiciméadacht fholuiteach eile ar fad atá riachtanach chun an t-idirbheart a thuiscint, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
(i)
an doiciméad tairisceana deiridh nó an réamheolaire tairisceana deiridh mar aon le doiciméid a bhaineann le dúnadh an idirbhirt, cé is moite de thuairimí dlíthiúla;
(ii)
i gcás urrúsú traidisiúnta, an comhaontú maidir le sócmhainní a dhíol, an comhaontú maidir le sannadh, nuachan nó aistriú agus aon ráiteas muiníne ábhartha;
(iii)
na comhaontuithe maidir le díorthaigh agus na comhaontuithe maidir le ráthaíochtaí, mar aon le haon doiciméid ábhartha maidir le socruithe i dtaobh soláthair urrúis chomhthaobhaigh i gcás inar neamhchosaintí de chuid an tionscnóra i gcónaí iad na neamhchosaintí atá a n-urrúsú;
(iv)
na comhaontuithe maidir le seirbhísiú, seirbhísiú cúltaca, riarachán agus bainistiú airgid;
(v)
an gníomhas iontaobhais, an gníomhas gealltáin, an comhaontú gníomhaireachta, an comhaontú bainc maidir leis an gcuntas, an conradh maidir le hinfheistíocht ráthaithe, na téarmaí ionchorpraithe, máistirchreat iontaobhais nó máistir-chomhaontú maidir le sainmhínithe, nó doiciméadacht dhlíthiúil eile a bhfuil stádas coibhéiseach dlí aici; agus
(vi)
aon chomhaontuithe ábhartha idir creidiúnaithe, doiciméadacht faoi dhíorthaigh, comhaontuithe maidir le hiasachtaí fo-ordaithe, comhaontuithe maidir le hiasachtaí do ghnólachtaí nuathionscanta agus comhaontuithe maidir le saoráidí leachtachta; Áireofar cur síos mionsonraithe ar ord tosaíochta íocaíochtaí an urrúsaithe ar an doiciméadacht fholuiteach sin;
(c)
i gcás nár dréachtaíodh réamheolaire i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), achoimre ar na hidirbhearta nó forléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe, lena n-áirítear, nuair is infheidhme:
(i)
mionsonraithe maidir le struchtúr an idirbhirt, lena n-áirítear na léaráidí struchtúir lena dtugtar forléargas ar an idirbheart, ar na sreafaí airgid agus ar an struchtúr úinéireachta;
(ii)
mionsonraithe maidir le saintréithe na neamhchosanta, na sreafaí airgid, an chascáid chaillteanais, feabhsú creidmheasa agus gnéithe den tacaíocht leachtachta;
(iii)
mionsonraithe maidir le cearta vótála shealbhóirí suíomhanna urrúsúcháin agus an caidreamh atá acu le creidiúnaithe urraithe eile; agus
(iv)
liosta de na truicir agus na teagmhais ar fad dá dtagraítear sna doiciméid a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (b), ar truicir agus teagmhais iad a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin;
(d)
i gcás urrúsuithe STS, an fógra STS dá dtagraítear in Airteagal 27;
(e)
tuarascálacha ráithiúla don infheisteoir, nó, i gcás ABCP, tuarascálacha míosúla don infheisteoir, ina sonraítear an méid seo a leanas:
(i)
na sonraí ábhartha go léir maidir le cáilíocht an chreidmheasa agus feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha;
(ii)
faisnéis faoi theagmhais a thruicearaíonn athruithe ar ord tosaíochta na n-íocaíochtaí nó athsholáthar contrapháirtithe uaidh; agus, i gcás urrúsú nach idirbheart ABCP é, sonraí maidir leis na sreafaí airgid arna nginiúint trí na neamhchosaintí foluiteacha agus trí dhliteanais an urrúsaithe;
(iii)
faisnéis faoin riosca arna choinneáil, lena n-áirítear faisnéis a léiríonn na modúlachtaí a cuireadh i bhfeidhm as measc na modúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(3), i gcomhréir le hAirteagal 6.
(f)
aon fhaisnéis ón taobh istigh a bhaineann leis an urrúsú a bhfuil oibleagáid ar an tionscnóir, ar an urraitheoir nó ar SSPE í a chur ar fáil don phobal i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh;
(g)
i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (f), aon teagmhas suntasach amhail:
(i)
sárú ábhartha ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sna doiciméid a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear aon leigheas, tarscaoileadh nó toiliú arna ndéanamh ina dhiaidh sin i ndáil le sárú den sórt sin;
(ii)
athrú ar na gnéithe structúracha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;
(iii)
athrú ar shaintréithe riosca an urrúsaithe nó ar shaintréithe riosca na neamhchosaintí foluiteacha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;
(iv)
i gcás urrúsuithe STS, mura gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS a thuilleadh nó má dhéanann na húdaráis inniúla bearta feabhais nó bearta riaracháin;
(v)
aon leasú ábhartha ar dhoiciméid idirbhirt. Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír ar fáil roimh an bpraghsáil. Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a) agus i bpointe (e) den chéad fhomhír ar fáil i gcomhthráth gach ráithe, mí ar a dhéanaí tar éis an dáta dlite i gcomhair íocaíocht úis nó, i gcás idirbhearta ABCP, ar a dhéanaí mí tar éis dheireadh na tréimhse a chlúdaítear leis an tuarascáil. I gcás ABCP, déanfar an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a), i bpointe (c)(ii) agus i bpointe (e)(i) den chéad fhomhír a chur ar fáil i bhfoirm chomhiomlán do shealbhóirí suímh urrúsúcháin agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha. Déanfar sonraí ar leibhéal an iasachta a chur ar fáil don urraitheoir agus, arna iarraidh sin, do na húdaráis inniúla. Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (f) agus i bpointe (g) den chéad fhomhír ar fáil gan mhoill. Agus iad ag cloí leis an mír seo, comhlíonfaidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais lena rialaítear an chosaint a thugtar maidir le rúndacht na faisnéise agus maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta ionas nach sárófar aon dlí den sórt sin agus maidir le haon oibleagáid rúndachta a bhaineann leis an gcustaiméir, leis an iasachtóir bunaidh nó le faisnéis don fhéichiúnaí, mura bhfuil faisnéis rúnda den chineál sin gan ainm nó comhiomlánaithe. Go háirithe, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir agus an SSPE achoimre ar na doiciméid lena mbaineann a chur ar fáil. Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 in ann a iarraidh go gcuirfear faisnéis rúnda den chineál sin ar fáil dóibh chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|