+Airteagal 7 Ceanglais trédhearcachta do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus do SSPEnna
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
|
Airteagal 7 Ceanglais trédhearcachta do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus do SSPEnna
Ceanglais trédhearcachta do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus do SSPEnna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
I gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do shealbhóirí suímh urrúsúcháin, do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha:
(a)
faisnéis maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha ar bhonn ráithiúil, nó, i gcás ABCP, faisnéis maidir leis na hearraí infhaighte foluiteacha nó na héilimh chreidmheasa fholuiteacha ar bhonn míosúil;
(b)
an doiciméadacht fholuiteach eile ar fad atá riachtanach chun an t-idirbheart a thuiscint, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
(i)
an doiciméad tairisceana deiridh nó an réamheolaire tairisceana deiridh mar aon le doiciméid a bhaineann le dúnadh an idirbhirt, cé is moite de thuairimí dlíthiúla;
(ii)
i gcás urrúsú traidisiúnta, an comhaontú maidir le sócmhainní a dhíol, an comhaontú maidir le sannadh, nuachan nó aistriú agus aon ráiteas muiníne ábhartha;
(iii)
na comhaontuithe maidir le díorthaigh agus na comhaontuithe maidir le ráthaíochtaí, mar aon le haon doiciméid ábhartha maidir le socruithe i dtaobh soláthair urrúis chomhthaobhaigh i gcás inar neamhchosaintí de chuid an tionscnóra i gcónaí iad na neamhchosaintí atá a n-urrúsú;
(iv)
na comhaontuithe maidir le seirbhísiú, seirbhísiú cúltaca, riarachán agus bainistiú airgid;
(v)
an gníomhas iontaobhais, an gníomhas gealltáin, an comhaontú gníomhaireachta, an comhaontú bainc maidir leis an gcuntas, an conradh maidir le hinfheistíocht ráthaithe, na téarmaí ionchorpraithe, máistirchreat iontaobhais nó máistir-chomhaontú maidir le sainmhínithe, nó doiciméadacht dhlíthiúil eile a bhfuil stádas coibhéiseach dlí aici; agus
(vi)
aon chomhaontuithe ábhartha idir creidiúnaithe, doiciméadacht faoi dhíorthaigh, comhaontuithe maidir le hiasachtaí fo-ordaithe, comhaontuithe maidir le hiasachtaí do ghnólachtaí nuathionscanta agus comhaontuithe maidir le saoráidí leachtachta;
Áireofar cur síos mionsonraithe ar ord tosaíochta íocaíochtaí an urrúsaithe ar an doiciméadacht fholuiteach sin;
(c)
i gcás nár dréachtaíodh réamheolaire i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
), achoimre ar na hidirbhearta nó forléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe, lena n-áirítear, nuair is infheidhme:
(i)
mionsonraithe maidir le struchtúr an idirbhirt, lena n-áirítear na léaráidí struchtúir lena dtugtar forléargas ar an idirbheart, ar na sreafaí airgid agus ar an struchtúr úinéireachta;
(ii)
mionsonraithe maidir le saintréithe na neamhchosanta, na sreafaí airgid, an chascáid chaillteanais, feabhsú creidmheasa agus gnéithe den tacaíocht leachtachta;
(iii)
mionsonraithe maidir le cearta vótála shealbhóirí suíomhanna urrúsúcháin agus an caidreamh atá acu le creidiúnaithe urraithe eile; agus
(iv)
liosta de na truicir agus na teagmhais ar fad dá dtagraítear sna doiciméid a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (b), ar truicir agus teagmhais iad a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin;
(d)
i gcás urrúsuithe STS, an fógra STS dá dtagraítear in Airteagal 27;
(e)
tuarascálacha ráithiúla don infheisteoir, nó, i gcás ABCP, tuarascálacha míosúla don infheisteoir, ina sonraítear an méid seo a leanas:
(i)
na sonraí ábhartha go léir maidir le cáilíocht an chreidmheasa agus feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha;
(ii)
faisnéis faoi theagmhais a thruicearaíonn athruithe ar ord tosaíochta na n-íocaíochtaí nó athsholáthar contrapháirtithe uaidh; agus, i gcás urrúsú nach idirbheart ABCP é, sonraí maidir leis na sreafaí airgid arna nginiúint trí na neamhchosaintí foluiteacha agus trí dhliteanais an urrúsaithe;
(iii)
faisnéis faoin riosca arna choinneáil, lena n-áirítear faisnéis a léiríonn na modúlachtaí a cuireadh i bhfeidhm as measc na modúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(3), i gcomhréir le hAirteagal 6.
(f)
aon fhaisnéis ón taobh istigh a bhaineann leis an urrúsú a bhfuil oibleagáid ar an tionscnóir, ar an urraitheoir nó ar SSPE í a chur ar fáil don phobal i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
) maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh;
(g)
i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (f), aon teagmhas suntasach amhail:
(i)
sárú ábhartha ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sna doiciméid a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear aon leigheas, tarscaoileadh nó toiliú arna ndéanamh ina dhiaidh sin i ndáil le sárú den sórt sin;
(ii)
athrú ar na gnéithe structúracha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;
(iii)
athrú ar shaintréithe riosca an urrúsaithe nó ar shaintréithe riosca na neamhchosaintí foluiteacha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;
(iv)
i gcás urrúsuithe STS, mura gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS a thuilleadh nó má dhéanann na húdaráis inniúla bearta feabhais nó bearta riaracháin;
(v)
aon leasú ábhartha ar dhoiciméid idirbhirt.
Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír ar fáil roimh an bpraghsáil. Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a) agus i bpointe (e) den chéad fhomhír ar fáil i gcomhthráth gach ráithe, mí ar a dhéanaí tar éis an dáta dlite i gcomhair íocaíocht úis nó, i gcás idirbhearta ABCP, ar a dhéanaí mí tar éis dheireadh na tréimhse a chlúdaítear leis an tuarascáil. I gcás ABCP, déanfar an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a), i bpointe (c)(ii) agus i bpointe (e)(i) den chéad fhomhír a chur ar fáil i bhfoirm chomhiomlán do shealbhóirí suímh urrúsúcháin agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha. Déanfar sonraí ar leibhéal an iasachta a chur ar fáil don urraitheoir agus, arna iarraidh sin, do na húdaráis inniúla. Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (f) agus i bpointe (g) den chéad fhomhír ar fáil gan mhoill. Agus iad ag cloí leis an mír seo, comhlíonfaidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais lena rialaítear an chosaint a thugtar maidir le rúndacht na faisnéise agus maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta ionas nach sárófar aon dlí den sórt sin agus maidir le haon oibleagáid rúndachta a bhaineann leis an gcustaiméir, leis an iasachtóir bunaidh nó le faisnéis don fhéichiúnaí, mura bhfuil faisnéis rúnda den chineál sin gan ainm nó comhiomlánaithe. Go háirithe, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir agus an SSPE achoimre ar na doiciméid lena mbaineann a chur ar fáil. Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 in ann a iarraidh go gcuirfear faisnéis rúnda den chineál sin ar fáil dóibh chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Ainmneoidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe, as a measc féin, eintiteas amháin chun na ceanglais maidir le faisnéis a chomhlíonadh de bhun phointe (a),(b), (d), (e), (f), (g) den chéad fhomhír de mhír 1. Cuirfidh an t-eintiteas a ainmníodh i gcomhréir leis an gcéad hfomhír faisnéis le haghaidh idirbheart urrúsúcháin ar fáil trí bhíthin stór urrúsúcháin. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear sa dara fomhír ná sa cheathrú fomhír maidir le hurrúsuithe i gcás nach bhfuil gá le réamheolaire a dhréachtú i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE. I gcás nach gcláraítear stór urrúsúcháin i gcomhréir le Airteagal 10, cuirfidh an t-eintiteas a ainmníodh chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh an fhaisnéis ar fáil ar shuíomh gréasáinarb amhlaidh;
(a)
go n-áireofar ann córas dea-fheidhmiúil um rialú cáilíochta na sonraí;
(b)
go mbeidh sé faoi réir na gcaighdeán iomchuí rialachais agus go mbeidh struchtúr eagraíochtúil cuí i bhfeidhm agus á chothabháil chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an tsuímh gréasáin a áirithiú;
(c)
go mbeidh sé faoi réir córais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí lena sainaithneofar gach foinse ábhartha riosca oibriúcháin;
(d)
go n-áireofar ann córais chun cosaint agus sláine na faisnéise a fhaightear a áirithiú agus chun taifeadadh pras na faisnéise sin a áirithiú; agus
(e)
go bhfágfaidh sé go mbeidh sé indéanta an fhaisnéis a choinneáil ann ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dháta aibíochta an urrúsaithe.
Sonrófar sa doiciméadacht maidir leis an urrúsú cén t-eintiteas atá freagrach as an bhfaisnéis a thuairisciú agus an stór urrúsúcháin ina gcuirtear an fhaisnéis ar fáil.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis a shonrú a chuirfidh an tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE ar fáil d’fhonn a n-oibleagáidí faoi phointe (a) agus faoi phointe (e) den chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh, agus formáid na faisnéise sin trí theimpléid chaighdeánaithe, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh: úsáideacht na faisnéise do shealbhóir an tsuímh urrúsúcháin, cé acu an de chineál gearrthéarmach é an suíomh urrúsúcháin nó nach ea, agus, i gcás idirbheart ABCP, cé acu an bhfuil urraitheoir ag tacú leis ina iomláine nó nach bhfuil; Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Eanáir 2019. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 7 4.
|
D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú don fhaisneis a bheidh le sonrú i gcomhréir le mír 3, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme lean sonraítear an fhormáid dóibh trí bhíthin teimpleid chaighdeánaithe. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|