+Airteagal 9 Critéir maidir le creidmheas a dheonú
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
|
Airteagal 9 Critéir maidir le creidmheas a dheonú
Critéir maidir le creidmheas a dheonú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Na critéir fhónta, dhea-shainithe chun creidmheas a dheonú, a úsáidtear i gcás neamhchosaintí neamhurrúsaithe, ba cheart do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus d’iasachtóirí bunaidh na critéir chéanna sin a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí a bheidh le hurrúsú. Chuige sin, cuirfear na próisis shoiléire chéanna i bhfeidhm chun creidmheasanna a cheadú agus, nuair is iomchuí, iad a leasú, a athnuachan agus a athmhaoiniú. Beidh córais éifeachtacha ar bun ag tionscnóirí, ag urraitheoirí agus ag iasachtóirí bunaidh leis na critéir agus na próisis sin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbunaítear an deonú creidmheasa ar mheasúnú críochnúil a dhéantar ar acmhainneacht creidmheasa an oibleagáideora agus an aird chuí á tabhairt ar na tosca ábhartha leis an dóchúlacht atá ann go gcomhlíonfaidh an t-oibleagáideoir a chuid oibleagáidí faoin gcomhaontú creidmheasa a fhíorú. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir le neamhchosaintí foluiteacha a bhí ina neamhchosaintí neamhthuillmheacha tráth ar cheannaigh an tionscnóir iad ón tríú páirtí ábhartha, beidh feidhm ag caighdeáin fhónta maidir leis na neamhchosaintí a roghnú agus a phraghsáil.
|
|
Airteagal 9 2.
|
I gcás gur iasachtaí cónaithe arna ndéanamh tar éis theacht i bhfeidhm Treoir 2014/17/AE iad neamhchosaintí foluiteacha na n-urrúsuithe, ní bheidh aon iasacht sa chomhthiomsú iasachtaí sin ina hiasacht a chuirtear ar an margadh agus a fhrithghealltar ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht, nó d’idirghabhálaithe, más infheidhme, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis, a sholáthraigh an t-iarratasóir ar an iasacht, fíoraithe ag an iasachtóir.
|
|
Airteagal 9 3.
|
I gcás ina gceannaíonn tionscnóir neamhchosaintí tríú páirtí dá chuntas féin agus ina ndéanann sé urrúsú orthu ina dhiaidh sin, fíoróidh an tionscnóir sin go ndéanann an t-eintiteas a bhí páirteach, go díreach nó go hindíreach, sa chomhaontú bunaidh lenar cruthaíodh na hoibleagáidí nó na hoibleagáidí ionchasacha atá le hurrúsú, na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 3 más rud é:
(a)
go ndearnadh an comhaontú bunaidh, a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí nó an fhéichiúnaí ionchasaigh, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2014/17/AE; agus
(b)
go gcomhlíonann an tionscnóir a cheannaíonn neamhchosaintí foluiteacha tríú páirtí dá chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin na hoibleagáidí a raibh sé de cheangal ar na hinstitúidí tionscnaimh iad a chomhlíonadh faoi Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 625/2014 roimh 1 Eanáir 2019.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|