+Airteagal 10 Stór urrúsúcháin a chlárú
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 10 8.
|
Airteagal 10 Stór urrúsúcháin a chlárú
Stór urrúsúcháin a chlárú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Is de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a chláróidh stór urrúsúcháin le ÚEUM chun críocha Airteagal 5.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Chun a bheith incháilithe le clárú faoin Airteagal seo, is é a bheidh i stór urrúsúcháin duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas, cuirfidh sé nósanna imeachta i bhfeidhm le hiomláine agus le comhsheasmhacht na faisnéise a chuirtear ar fáil dó faoi Airteagal 7(1) den Rialachán seo a fhíorú, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 78, Airteagal 79 agus Airteagal 80(1) go (3, (5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Chun críocha an Airteagail seo, déanfar tagairtí in Airteagal 78 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 d’Airteagal 9 den Rialachán céanna a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 5 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Beidh éifeacht le clárú stóir urrúsúcháin i gcríoch an Aontais ina hiomláine.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Comhlíonfaidh stór urrúsúcháin cláraithe na coinníollacha clárúcháin i gcónaí. Déanfaidh stór urrúsúcháin, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha clárúcháin.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Cuirfidh stór urrúsúcháin ceann díobh seo a leanas faoi bhráid ÚEUM:
(b)
iarratas ar chlárú a leathnú chun críocha Airteagal 7 den Rialachán seo i gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Chaibidil 1 de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó faoi Chaibidil III de Theideal I, de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
).
|
|
Airteagal 10 6.
|
Laistigh de 20 lá oibre ón tráth a bhfaighfear an t-iarratas, déanfaidh ÚEUM measúnú chun a chinneadh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. I gcás nach mbeidh an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM síos spriocdháta faoina mbeidh ar an stór urrúsúcháin faisnéis bhreise a sholáthar. Tar éis do ÚEUM a mheasúnú a dhéanamh go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór urrúsúcháin.
|
|
Airteagal 10 7.
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí na nithe uile seo a leanas:
(a)
na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá le cur i bhfeidhm ag stórtha urrúsúcháin chun iomláine agus comhsheasmhacht na faisnéise a chuirtear ar fáil dóibh faoi Airteagal 7(1) a fhíorú;
(b)
an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;
(c)
iarratas simplithe ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 10 8.
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar formáid an dá ní seo a leanas:
(a)
an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;
(b)
an t-iarratas ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, forbróidh ÚEUM formáid shimplithe lena seachnófar dúbláil nósanna imeachta. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 18 Eanáir 2019. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|