|
+Airteagal 17 2. |
Airteagal 17 2.Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, agus aird á tabhairt ar na riachtanais atá ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)
sonraí an urrúsaithe dá dtagraítear i mír 1 a chuirfidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE ar fáil chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 7(1);
(b)
na caighdeáin oibriúcháin is gá, chun go gceadófar an méid seo a leanas a dhéanamh, ar bhealach tráthúil, struchtúraithe agus cuimsitheach:
(i)
bailiú sonraí arna dhéanamh ag stórtha urrúsúcháin; agus
(ii)
sonraí ó stórtha urrúsúcháin éagsúla a chomhiomlánú agus a chur i gcomparáid;
(c)
mionsonraí na faisnéise a bhfuil rochtain le bheith ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 uirthi, agus a sainordú agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh;
(d)
na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain dhíreach agus láithreach le fáil ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 ar shonraí atá á gcoimeád i stórtha urrúsúcháin. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|