+Airteagal 25 Urraitheoir ar chlár ABCP
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 7.
|
Airteagal 25 Urraitheoir ar chlár ABCP
Urraitheoir ar chlár ABCP
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Institiúid chreidmheasa a ndéanfar maoirseacht uirthi faoi Threoir 2013/36/AE a bheidh ina hurraitheoir ar an gclár ABCP.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Is soláthraí saoráide leachtachta a bheidh san urraitheoir ar chlár ABCP agus tacóidh sé leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir ar leibhéal cláir ABCP trí na rioscaí leachtachta agus creidmheasa go léir agus aon rioscaí ábhartha go ndéanfaí caolú ar na neamhchosaintí urrúsaithe a chumhdach, mar aon le haon chostais idirbhirt agus costais ar leibhéal an chláir atá riachtanach chun íocaíocht iomlán aon suim faoin ABCP a ráthú don infheisteoir le tacaíocht den chineál sin. Déanfaidh an t-urraitheoir tuairisc a nochtadh ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil ar leibhéal na n-idirbheart do na hinfheisteoirí, lena n-áirítear tuairisc ar na saoráidí leachtachta a chuirtear ar fáil.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Sular féidir léi urraíocht a dhéanamh ar chlár STS ABCP, léireoidh an institiúid chreidmheasa dá húdarás inniúil nach bhfuil a sócmhainneacht agus a leachtacht i mbaol mar gheall ar a ról faoi mhír 2, fiú i gcás fíor-struis sa mhargadh. Measfar gur comhlíonadh an ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcás ina mbeidh sé cinnte ag an údarás inniúil ar bhonn an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 97(3) de Threoir 2013/36/AE, go n-áirithítear bainistiú fónta agus cumhdach a chuid rioscaí leis na socruithe, straitéisí, nósanna imeachta agus sásraí a chuir an institiúid chreidmheasa chun feidhme agus leis na cistí dílse maille leis an leachtacht atá ag an institiúid chreidmheasa.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Déanfaidh an t-urraitheoir a dhícheall cuí féin agus fíoróidh sé comhlíonadh na gceanglas sin a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus (3) den Rialachán seo, faoi mar is infheidhme. Fíoróidh sé freisin go bhfuil acmhainneacht seirbhísithe agus próisis bhailiúcháin ag an díoltóir a shásaíonn na ceanglais a shonraítear i bpointe (h) go pointe (p) d’Airteagal 265(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha.
|
|
Airteagal 25 5.
|
Comhlíonfaidh an díoltóir, ar leibhéal an idirbhirt, nó an t-urraitheoir, ar leibhéal an chláir ABCP, an ceanglas maidir le coinneáil riosca, dá dtagraítear in Airteagal 6.
|
|
Airteagal 25 6.
|
Beidh an t-urraitheoir freagrach as comhlíonadh Airteagal 7 ar leibhéal an chláir ABCP agus as an méid seo a leanas a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha sula ndéanfar praghsáil, arna iarraidh sin dóibh:
(a)
an fhaisnéis chomhiomlán a cheanglaítear le hAirteagal 7(1) (a);
(b)
an fhaisnéis sin a cheanglaítear le pointí (b) go (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad.
|
|
Airteagal 25 7.
|
I gcás nach ndéanann an t-urraitheoir an gealltanas maoinithe maidir leis an tsaoráid leachtachta a nuashonrú faoin dáta éaga, déanfar an tsaoráid leachtachta a tharraingt anuas agus aisíocfar na hurrúis atá ag teacht in aibíocht.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|