|
+Airteagal 26e 4. |
Airteagal 26e 4.Déanfaidh an tionscnóir gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a cheapadh roimh dháta deiridh an idirbhirt. I gcás gach neamhchosanta foluití a dtugtar fógra teagmhais creidmheasa ina leith, déanfaidh gníomhaire fíoraithe an tríú páirtí gach ceann de na nithe seo a leanas a fhíorú ar a laghad:
(a)
gur teagmhas creidmheasa mar a shonraítear i dtéarmaí an chomhaontaithe cosanta é an teagmhas creidmheasa dá dtagraítear san fhógra teagmhais creidmheasa;
(b)
gur áiríodh an neamhchosaint fholuiteach sa phunann tagartha tráth a tharla an teagmhas creidmheasa lena mbaineann;
(c)
gur comhlíonadh, leis an neamhchosaint fholuiteach, na critéir incháilitheachta tráth a áiríodh sa phunann tagartha í;
(d)
i gcás inar cuireadh neamhchosaint fholuiteach leis an urrúsú mar thoradh ar athshlánú, gur comhlíonadh, leis an athshlánú sin, coinníollacha an athshlánaithe;
(e)
go bhfuil méid an chaillteanais deiridh comhsheasmhach leis na caillteanais arna dtaifeadadh ag an tionscnóir ina ráiteas brabúis agus caillteanais;
(f)
go bhfuil, tráth a dhéantar an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa, na caillteanais i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha leithdháilte i gceart ar na hinfheisteoirí. Beidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, ar SSPE agus glacfaidh sé leis an gceapachán mar ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí faoi dháta deiridh an idirbhirt. Féadfaidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí an fíorú a dhéanamh ar bhonn samplála seachas ar bhonn gach neamhchosanta foluití aonair dá n-iarrtar íocaíocht cosanta creidmheasa. Féadfaidh infheisteoirí fíorú incháilitheacht aon neamhchosanta foluití faoi leith a iarraidh, áfach, i gcás nach bhfuil siad sásta leis an bhfíorú ar bhonn samplála. I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireoidh an tionscnóir gealltanas go gcuirfidh sé an fhaisnéis uile is gá ar fáil don ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí chun na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír a fhíorú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|