|
+Airteagal 26e 10. |
Airteagal 26e 10.I gcás ina soláthraítear cosaint chreidmheasa eile i gcomhréir le pointe (c) de mhír 8 den Airteagal seo, rachaidh an tionscnóir agus an t-infheisteoir ar iontaoibh comhthaobhachta d’ardchaighdeán, a bheidh i gceann amháin den dá rud seo a leanas:
(a)
comhthaobhacht i bhfoirm urrúis fiachais a bhfuil ualach riosca 0 % orthu dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
tá uastréimhse aibíochta 3 mhí fós ag gabháil leis na hurrúis fiachais sin nach mbeidh níos faide ná an tréimhse atá fágtha go dtí an chéad dáta íocaíochta eile;
(ii)
is féidir na hurrúis fiachais sin a fhuascailt in airgead tirim i méid atá cothrom le hiarmhéid gan íoc an tráinse chosanta;
(iii)
tá na hurrúis fiachais sin i seilbh coimeádaí atá neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí;
(b)
comhthaobhacht i bhfoirm airgid thirim atá á coinneáil ag institiúid creidmheasa tríú páirtí lena mbaineann céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó os a cionn i gcomhréir leis an mapáil a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, faoi réir an toilithe shainráite i ndoiciméadacht deiridh an idirbhirt ag an infheisteoir tar éis a dhícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar aon neamhchosaint ábhartha ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí, is é an tionscnóir, agus an tionscnóir amháin, a fhéadfaidh dul ar iontaoibh comhthaobhachta d’ardchaighdeán i bhfoirm airgead tirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid, ar a laghad, le haghaidh chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa i gcomhréir leis an mapáil a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Féadfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 29(5), tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, comhthaobhacht a cheadú i bhfoirm airgid thirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid le haghaidh chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa ar choinníoll gur féidir doiciméadú a dhéanamh ar dheacrachtaí margaidh, ar bhaic oibiachtúla a bhaineann leis an gcéim den cháilíocht chreidmheasa arna sannadh ar an mBallstát den institiúid, nó ar fhadhbanna comhchruinnithe suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann sa Bhallstát lena mbaineann mar gheall ar chur i bhfeidhm íoscheanglas chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear sa dara fomhír. I gcás nach gcáilíonn an institiúid creidmheasa tríú páirtí ná an tionscnóir ná cleamhnaí dá chuid le haghaidh na céime íosta den cháilíocht chreidmheasa, aistreofar an chomhthaobhacht laistigh de 9 mí chuig institiúid creidmheasa tríú páirtí ag a bhfuil céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó níos airde nó déanfar an chomhthaobhacht a infheistiú in urrúis a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír. Measfar na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo a bheith comhlíonta i gcás infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag an tionscnóir, i gcomhréir le hAirteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm na gcleachtas maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh faoin Airteagal seo, agus aird ar leith á tabhairt ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí agus ar rioscaí eacnamaíocha agus airgeadais eile na n-infheisteoirí a eascraíonn as cleachtais den sórt sin maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh. Déanfaidh ÚBE tuarascáil ina mbeidh a chuid torthaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Aibreán 2023. Faoin 10 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil, ar bhonn na tuarascála sin de chuid ÚBE, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus aird ar leith á tabhairt ar an riosca carntha iomarcaigh de riosca creidmheasa an chontrapháirtí sa chóras airgeadais, in éineacht le togra reachtach chun an tAirteagal seo a leasú, más iomchuí.; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|