+Airteagal 27 Ceanglais fógartha STS
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
---+Airteagal 27 7.
|
Airteagal 27 Ceanglais fógartha STS
Ceanglais fógartha STS
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Déanfaidh tionscnóirí agus urraitheoirí fógra a thabhairt i gcomhpháirt do ÚEUM trí bhíthin an teimpléid dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonann urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e (‘fógra STS’). I gcás chlár ABCP, is é an t-urraitheoir, agus an t-urraitheoir amháin, a bheidh freagrach as fógra a thabhairt faoin gclár sin agus, laistigh den chlár sin, faoi na hidirbhearta ABCP a chomhlíonann Airteagal 24. I gcás urrúsú sintéiseach, is é an tionscnóir, agus an tionscnóir amháin, a bheidh freagrach as an bhfógra. I bhfógra STS, beidh míniú ón tionscnóir agus ón urraitheoir ar an gcaoi ar comhlíonadh gach ceann de na critéir STS a leagtar amach in Airteagail 20 go 22, Airteagail 24 go 26 nó Airteagail 26b go 26e. Foilseoidh ÚEUM an fógra STC ar a shuíomh gréasáin oifigiúil de bhun mhír 5. Cuirfidh tionscnóirí agus urraitheoirí urrúsaithe a gcuid údarás inniúil ar an eolas faoin bhfógra STS agus ainmneoidh siad eintiteas amháin as a measc féin, eintiteas a bheidh ina chéadphointe teagmhála d’infheisteoirí agus d’údaráis inniúla.
|
|
Airteagal 27 2.
|
►M1
Féadfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE leas a bhaint as seirbhís tríú páirtí atá údaraithe faoi Airteagal 28 chun a mheasúnú an bhfuil Airteagail 19 go 22 , Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsú. ◄ Mar sin féin, níl dhéanfar aon difear do dhliteanas an tionscnóra, an urrathóra nó SSPE i dtaca lena n-oibleagáidí dlíthiúla faoin Rialachán seo trí leas a bhaint as seibhís den chineál sin. Ní dhéanfar difear do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar infheisteoirí institiúideacha, mar a leagtar amach iad in Airteagal 5, trí leas a bhaint as seibhís den chineál sin.
►M1
I gcás ina mbaineann an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE leas as seirbhísí tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 chun a mheasúnú an bhfuil Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsú, beidh ráiteas san áireamh i bhfógra STS gur dheimhnigh an tríú páirtí údaraithe sin gur comhlíonadh critéir STS. ◄ San fhógra, sonrófar ainm an tríú páirtí, an áit a bhfuil sé bunaithe agus ainm an údaráis inniúil a d’údaraigh é.
|
|
Airteagal 27 3.
|
I ndáil leis an tionscnóir nó leis an iasachtóir bunaidh, murar institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá bunaithe san Aontas, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra de bhun mhír 1 den Airteagal seo:
(a)
deimhniú ón tionscnóir nó ón iasachtóir bunaidh go ndéanann sé a chuid deonaithe creidmheasa ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus próisis atá bunaithe go soiléir chun creidmheasanna a cheadú, a leasú, a athnuachan agus a mhaoiniú agus go bhfuil córais éifeachtacha i bhfeidhm ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh chun na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo; agus
(b)
dearbhú ón tionscnóir nó ón iasachtóir bunaidh an bhfuil an deonú creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir maoirseachta.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Tabharfaidh an tionscnóir agus, i gcás inarb infheidhme, an t-urraitheoir, fógra láithreach do ÚEUM agus cuirfidh siad a n-údarás inniúil ar an eolas i gcás nach gcomhlíonann urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e a thuilleadh.
|
|
Airteagal 27 5.
|
►M1
Ar a shuíomh gréasáin oifigiúil, coimeádfaidh ÚEUM liosta de na hurrúsuithe uile ar ina leith a thug na tionscnóirí agus na hurraitheoirí fógra dó á rá go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e. ◄ Déanfaidh ÚEUM gach urrúsú arna bhfógairt mar sin a chur leis an liosta láithreach. Tabharfaidh ÚEUM an liosta cothrom le dáta i gcás ina measfar nach urrúsuithe STS na hurrúsuithe a thuilleadh tar éis do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh chuige sin nó tar éis fógra a fháil ón tionscnóir nó ón urraitheoir. I gcás ina bhfuil smachtbhannaí riaracháin forchurtha ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 32, tabharfaidh sé fógra láithreach do ÚEUM faoin méid sin. Cuirfidh ÚEUM in iúl láithreach ar an liosta go bhfuil údarás inniúil tar éis smachtbhannaí riaracháin a fhorchur i leith an urrúsaithe lena mbaineann.
|
|
Airteagal 27 6.
|
Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag an tionscnóir, ag an urraitheoir agus ag SSPE d’fhonn na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 27 7.
|
D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme chun na teimpléid atá le húsáid chun an fhaisneis dá dtagraítear mír 6 a sholathar. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|