Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun maoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna i ndáil le hAirteagal 18 go hAirteagal 27, agus ar chomhlíonadh tríú páirithe le hAirteagal 28.
►M1
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas maidir le hainmniú na n-údarás inniúil de bhun na míre seo faoin 10 Deireadh Fómhair 2021. Go dtí go n-ainmneofar údarás inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 26a go 26e, déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 18 go 27 is infheidhme an 8 Aibreán 2021 maoirseacht freisin ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 26a go 26e.
◄