+Airteagal 32 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
|
Airteagal 32 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1.
|
Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur de bhun Airteagal 34, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena mbunófar smachtbhannaí riaracháin iomchuí, i gcás sárú a dhéantar d’aon ghnó nó le faillí, agus bearta feabhais a bheidh infheidhme ar a laghad i gcásanna:
(a)
inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 a chomhlíonadh;
(b)
inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7 a chomhlíonadh;
(c)
inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 9 a chomhlíonadh;
(d)
inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 a chomhlíonadh;
▼M1
(e)
inar ainmníodh urrúsú mar STS agus inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE an urrúsaithe sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26, nó Airteagail 26a go 26e a chomhlíonadh;
▼B
(f)
ina dtugann tionscnóir nó urraitheoir fógra míthreorach de bhun Airteagal 27(1).
(g)
inar mhainnigh tionscnóir nó urraitheoir na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 27(4) a chomhlíonadh; nó
(h)
inar mhainnigh tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 fógra a thabhairt faoi athruithe ábhartha ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1), nó ar aon athruithe eile a bhféadfaí a mheas le réasún go ndéanann siad tionchar a imirt ar mheasúnú a údaráis inniúil.
Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfear smachtbhannaí riaracháin agus/nó bearta feabhais chun feidhme go héifeachtach. Beidh na smachtbhannaí agus na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
|
|
Airteagal 32 2.
|
Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht d’údaráis inniúla na smachtbhannaí agus na bearta seo a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:
(a)
ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 37;
(b)
ordú ina n-éilítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;
(c)
toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tionscnóra, an urraitheora nó SSPE nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den chineál sin;
▼M1
(d)
i gcás sárú dá dtagraítear i bpointe (e) nó (f) de mhír 1 den chéad fhomhír den Airteagal seo, toirmeasc sealadach ar an tionscnóir agus ar an urraitheoir lena gcuirtear cosc air fógra a thabhairt faoi Airteagal 27(1) á rá go gcomhlíonann urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22, in Airteagail 23 go 26 nó in Airteagail 26a go 26e.
▼B
(e)
i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 17 Eanáir 2018;
(f)
i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 5 000 000 ar a laghad, nó sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 17 Eanáir 2018, nó suas le 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta; i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
15
), is éard a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an glanláimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh;
(g)
smachtbhannaí airgid riaracháin uasta de ar a laghad dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna i bpointe (e) agus i bpointe (f); agus
▼M1
(h)
i gcás sárú dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, aistarraingt shealadach an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 28 don tríú páirtí atá údaraithe chun a mheasúnú an bhfuil Airteagail 19 go 22 nó Airteagail 23 go 26, Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsú.
▼B
|
|
Airteagal 32 3.
|
I gcás ina bhfuil feidhm ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le daoine dlítheanacha, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht do na húdaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta feabhais dá bhforáiltear in i mír 2 a chur i bhfeidhm ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus ar dhaoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí naisiúnta, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 32 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta feabhais a leagtar amach i mír 2 a fhorchur, réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|