|
+Airteagal 33 2. |
Airteagal 33 2.Agus cineál agus leibhéal an smachtbhanna riaracháin nó an bhirt feabhais a fhorchuirfear faoi Airteagal 32 á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh an d’aon ghnó nó de thoradh ar fhaillí a dhéantar an sárú maille leis na cúinsí ábhartha eile go léir, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, iad seo a leanas:
(a)
ábharthacht, tromaíocht agus fad an tsáraithe;
(b)
leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;
(c)
acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;
(d)
méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
(e)
na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
(f)
leibhéal comhoibrithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá faoi aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(g)
sáruithe roimhe sin a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|