|
+Airteagal 46 Athbhreithniú |
Airteagal 46 AthbhreithniúAirteagal 46 Athbhreithniú Faoin 1 Eanáir 2022 ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Measfar go háirithe, sa tuarascáil sin, torthaí na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 44, agus déanfar an méid seo a leanas a mheas inti:
(a)
tionchar an Rialacháin seo, lena n-áirítear an t-ainmniúchán urrúsúcháin STS a thabhairt isteach, ar fheidhmiú an mhargaidh d’urrúsuithe san Aontas, an méid a chuireann urrúsú leis an bhfíorgheilleagar, go háirithe ar rochtain ar chreidmheas do FBManna agus ar infheistíochtaí, agus idirnascthacht idir institiúidí airgeadais agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais;
(b)
na difríochtaí idir úsáid na módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3), bunaithe ar na sonraí arna dtuaraisciú de bhun phointe (e)(iii) den chéad fhomhír d’Airteagal 7 (1). Má léirítear sna torthaí go bhfuil méadú ar na rioscaí stuamachta de bharr úsáid na módúlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) agus (e) d’Airteagal 6(3), ba cheart féachaint le cúiteamh cuí a chur ar fáil;
(c)
an é go raibh ardú neamhréireach i líon na n-idirbheart dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7, ó cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm agus an ndearna rannpháirtithe sa mhargadh idirbhearta a struchtúrú ar bhealach ar leith chun dul timpeall ar an oibleagáid faoi Airteagal 7 go gcuirfí faisnéis ar fáil trí stórtha urrúsúcháin;
(d)
an gá na ceanglais maidir le nochtadh faoi Airteagal 7 a leathnú chun na hidirbhearta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7(2) agus seasaimh infheisteoirí a chumhdach;
(e)
an bhféadfaí córas coibhéise a thabhairt isteach, i réimse na n-urrúsuithe STS, do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus SSPEnna tríú tír, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí idirnáisiúnta i réimse na n-urrúsuithe, go háirithe tionscnaimh maidir le hurrúsuithe simplí, trédhearcacha inchomparáide;
(f)
cur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 22(4) agus 26d(4) agus cibé an bhféadfar iad a leathnú chuig urrúsú i gcás nach iasachtaí cónaithe nó iasachtaí nó léasanna gluaisteáin iad na neamhchosaintí foluiteacha, d’fhonn nochtadh comhshaoil, sóisialta agus rialachais a phríomhshruthú;
(g)
a iomchuí atá an córas fíorúcháin tríú páirtí dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus Airteagal 28, agus cibé a chothaítear go leor iomaíochais i measc tríú páirtithe leis an gcóras údarúcháin do thríú páirtithe dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus an meastar an gá athruithe a dhéanamh ar an gcreat maoirseachta d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú; agus
(h)
an bhfuil gá leis an gcreat maidir le hurrúsuithe a leagtar amach leis an Rialachán seo a chomhlánú trí chóras banc ar cheadúnas teoranta a bhunú, a dhéanfadh feidhmeanna SSPEnna agus a mbeadh an ceart eisiach aige neamhchosaintí a cheannach ó thionscnóirí agus éilimh arna mbunú ar na neamhchosaintí a ceannaíodh a dhíol le hinfheisteoirí; agus
(i)
an fhéidearthacht maidir le caighdeánú breise agus ceanglais i ndáil le nochtadh i bhfianaise dea-chleachtais margaidh atá ag forbairt, eadhon trí úsáid a bhaint as teimpléid, le haghaidh urrúsuithe traidisiúnta agus sintéiseacha araon, lena n-áirítear le haghaidh urrúsuithe saincheaptha príobháideacha i gcás nach gcaithfear réamheolaire a tharraingt suas ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|