1. I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhordú leis an gcoláiste réitigh, tar éis an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 15 agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17, ar an tátal go bhfuil baic ábhartha ar inréititheacht CPL ann, ullmhóidh an t-údarás réitigh, i gcomhar leis an údarás inniúil, tuarascáil a chuirfidh sé faoi bhráid an CPL agus an choláiste réitigh.
Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar anailís ar na baic ábhartha ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh i ndáil leis an CPL, measfar inti tionchar na mbac sin ar shamhail ghnó an CPL agus molfar bearta spriocdhírithe lena ndéanfar na baic sin a bhaint.