6. Eiseoidh ESMA treoirlínte chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta agus réitigh a chur chun cinn a fhad a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcúinsí faoina measfar go bhfuil ag cliseadh ar CPL nó ar dócha go gclisfidh air faoin 12 Feabhra 2022, agus aird aige, de réir mar is iomchuí, ar chineál agus castacht na seirbhísí arna soláthar ag na CPLanna atá bunaithe san Aontas.
Agus na treoirlínte sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA san áireamh na treoirlínte arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 32(6) de Threoir 2014/59/AE.