6. Agus na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 36(14) agus (15) de Threoir 2014/59/AE agus arna nglacadh de bhun Airteagal 36(16) de á gcur san áireamh, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar:
|
(a)
|
na cúinsí ina measfar go bhfuil duine neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an CPL araon chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;
|
|
(b)
|
an mhodheolaíocht a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar luach shócmhainní agus dhliteanais an CPL; agus
|
|
(c)
|
an chaoi a ndéanfar na luachálacha a scaradh faoi Airteagail 24 agus 61 den Rialachán seo.
|
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.