2. I gcás géarchéim shistéamach, féadfaidh Ballstát, mar rogha dheireanach, tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar freisin trí úsáid uirlisí cobhsaíochta rialtais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 45, 46 agus 47 ar choinníoll go bhfaighfear formheas roimh ré agus formheas críochnaitheach faoi chreat Státchabhrach an Aontais agus i gcás ina ndéanfar foráil maidir le socruithe inchreidte chun cistí a aisghabháil go tráthúil cuimsitheach i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo.