+Airteagal 27 Forálacha ginearálta maidir le huirlisí réitigh
---+Airteagal 27 1
---+Airteagal 27 2
---+Airteagal 27 3
---+Airteagal 27 4
---+Airteagal 27 5
---+Airteagal 27 6
---+Airteagal 27 7
---+Airteagal 27 8
---+Airteagal 27 9
---+Airteagal 27 10
---+Airteagal 27 11
|
Airteagal 27 Forálacha ginearálta maidir le huirlisí réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1
|
1. Déanfaidh údaráis réitigh gníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 trí aon cheann de na huirlisí réitigh seo a leanas a chur i bhfeidhm ina n-aonar nó i gcomhcheangal ar bith:
|
(a)
|
an uirlis leithdháilte suíomhanna agus an uirlis leithdháilte caillteanais;
|
|
(b)
|
an uirlis díluachála agus chomhshó;
|
|
(d)
|
an uirlis CPL idirlinne.
|
|
|
Airteagal 27 2
|
2. I gcás géarchéim shistéamach, féadfaidh Ballstát, mar rogha dheireanach, tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar freisin trí úsáid uirlisí cobhsaíochta rialtais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 45, 46 agus 47 ar choinníoll go bhfaighfear formheas roimh ré agus formheas críochnaitheach faoi chreat Státchabhrach an Aontais agus i gcás ina ndéanfar foráil maidir le socruithe inchreidte chun cistí a aisghabháil go tráthúil cuimsitheach i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 27 3
|
3. Sula gcuirfear na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a fhorfheidhmiú:
|
(a)
|
aon chearta atá ann cheana agus atá gan chomhlíonadh de chuid an CPL, lena n-áirítear oibleagáidí conarthacha ar chomhaltaí imréitigh glaonna ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh a shásamh, acmhainní breise a sholáthar don CPL, nó suíomhanna comhaltaí imréitigh mainneachtana a ghlacadh, bíodh sé trí cheant nó trí mhodh comhaontaithe eile i rialacha oibríochta an CPL;
|
|
(b)
|
aon oibleagáid chonarthach atá ann cheana agus atá gan íoc a chuirfidh ceangal ar pháirtithe cé is moite de chomhaltaí imréitigh aon chineál tacaíochta airgeadais a sholáthar.
|
Féadfaidh an t-údarás réitigh na hoibleagáidí conarthacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a fhorfheidhmiú i bpáirt i gcás nach féidir na hoibleagáidí conarthacha sin a fhorfheidhmiú ina n-iomláine laistigh d’achar réasúnta ama.
|
|
Airteagal 27 4
|
4. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an t-údarás réitigh gan na hoibleagáidí ábhartha atá ann cheana agus atá gan íoc a fhorfheidhmiú i bpáirt nó ina n-iomláine chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcóras airgeadais nó éifeacht ghabhála fhorleathan a sheachaint, nó i gcás inarb iomchuí na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm chun cuspóirí réitigh a bhaint amach in am trátha.
|
|
Airteagal 27 5
|
5. I gcás nach ndéanfaidh an t-údarás réitigh, go páirteach nó go hiomlán, na hoibleagáidí atá ann cheana agus atá gan íoc a fhorfheidhmiú mar a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 3 nó i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh na hoibleagáidí atá fós ann a fhorfheidhmiú laistigh de 18 mí tar éis a mheas go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó gur dócha go gclisfidh air i gcomhréir le hAirteagal 22, ar choinníoll nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá le staonadh ó na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú. Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don chomhalta imréitigh agus don pháirtí eile trí mhí go sé mhí sula ndéanfaidh sé an oibleagáid atá fós ann a fhorfheidhmiú. Úsáidfear na fáltais ó na hoibleagáidí atá fágtha arna bhforfheidhmiú chun úsáid cistí poiblí a aisghabháil.
Tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis inniúla agus le húdaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh dá ndéantar difear agus le haon pháirtithe eile atá faoi ghealltanas de bharr oibleagáidí atá ann cheana agus atá gan íoc, cinnfidh an t-údarás réitigh an ann a thuilleadh do na cúiseanna le staonadh ó na hoibleagáidí, atá ann cheana agus atá gan íoc, a fhorfheidhmiú agus an ndéanfar oibleagáidí atá fágtha a fhorfheidhmiú. I gcás ina ndiallfaidh an t-údarás réitigh ó thuairimí na n-údarás a ndeachthas i gcomhairle leo, tabharfaidh sé, i scríbhinn, cúiseanna a bhfuil údar cuí leo leis an méid sin a dhéanamh.
Déanfar an ceanglas na hoibleagáidí atá fágtha a chomhlíonadh, sna cúinsí dá dtagraítear sa mhír seo, a áireamh i rialacha agus i socruithe conarthacha eile an CPL.
|
|
Airteagal 27 6
|
6. Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an CPL comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a chúiteamh i leith a gcaillteanas a eascraíonn ó uirlisí leithdháilte caillteanais a chur i bhfeidhm, i gcás inar mó na caillteanais sin ná na caillteanais a thabhódh an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana faoina oibleagáidí faoi rialacha oibríochta an CPL, ar choinníoll go mbeadh an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana i dteideal íocaíocht na difríochta dá dtagraítear in Airteagal 62.
Féadfaidh an cúiteamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith i bhfoirm ionstraimí úinéireachta, ionstraimí fiachais nó ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo.
Beidh méid na n-ionstraimí a eiseofar chuig gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana dá ndéantar difear comhréireach leis an gcaillteanas breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfear san áireamh leis aon oibleagáidí conarthacha de chuid na gcomhaltaí imréitigh i leith an CPL atá gan íoc agus bainfear í as aon teidlíocht chun íocaíocht na difríochta dá dtagraítear in Airteagal 62.
Beidh méid na n-ionstraimí bunaithe ar an luacháil arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(3).
|
|
Airteagal 27 7
|
7. I gcás ina gcuirfear ceann amháin de na huirlisí cobhsaíochta rialtais i bhfeidhm, feidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó sula gcuirfear an uirlis cobhsaíochta rialtais i bhfeidhm nó go comhuaineach lena cur i bhfeidhm.
I gcás ina mbeidh caillteanais airgeadais le seasamh ag comhaltaí imréitigh de thoradh uirlis réitigh seachas an uirlis díluachála agus chomhshó a úsáid, feidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó díreach sula gcuirfear an uirlis réitigh i bhfeidhm nó go comhuaineach lena chur i bhfeidhm, mura rud é go bhfágfadh cur i bhfeidhm oird eile go ndéanfaí íoslaghdú ar an diall ón bprionsabal “gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as” a leagtar amach in Airteagal 60, agus gurbh fhearr a bhainfí amach na cuspóirí réitigh.
|
|
Airteagal 27 8
|
8. I gcás nach gcuirfear i bhfeidhm ach na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointí (c) agus pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, agus nach n-aistreofar ach cuid de shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 42, déanfar an chuid iarmharach den CPL sin a fhoirceannadh i gcomhréir le gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
|
|
Airteagal 27 9
|
9. Ní bheidh feidhm ag rialacha an dlí dócmhainneachta náisiúnta i dtaca le hin-neamhnitheacht nó neamh-infhorfheidhmitheacht gníomhartha dlí a dhéanfadh díobháil do chreidiúnaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le haistrithe sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanas ó CPL arb ina leith a chuirtear uirlisí réitigh nó uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 27 10
|
10. Déanfaidh na Ballstáit, thar tréimhse iomchuí ama, aon chistí poiblí arna n-úsáid mar uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais dá dtagraítear i Roinn 7 den Chaibidil seo a aisghabháil agus déanfaidh na húdaráis réitigh, aon speansais réasúnacha arna dtabhú acu i dtaca le cur i bhfeidhm na n-uirlisí nó na cumhachtaí réitigh a aisghabháil, mar chreidiúnaí fabhraithe. Is uathu seo a leanas, inter alia, a thiocfaidh an aisghabháil sin:
|
(a)
|
CPL faoi réiteach lena n-áirítear aon cheann dá éilimh in aghaidh comhaltaí imréitigh mainneachtana;
|
|
(b)
|
aon chomaoin arna íoc ag an gceannaitheoir leis an CPL, mar chreidiúnaí fabhraithe sara ndéantar Airteagal 40(4) a chur i bhfeidhm, i gcás inar cuireadh an uirlis díolta gnó i bhfeidhm;
|
|
(c)
|
aon fháltais a ghintear de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne, mar chreidiúnaí fabhraithe, sara ndéantar Airteagal 42(5) a chur i bhfeidhm;
|
|
(d)
|
aon fháltais a ghintear de thoradh an uirlis tacaíochta cothromaispoiblí dá dtagraítear in Airteagal 46 agus an uirlis úinéireachta poiblí sealadaí dá dtagraítear in Airteagal 47 a bheith curtha i bhfeidhm, lena n-áirítear na fáltais a ghintear de thoradh a ndíola.
|
|
|
Airteagal 27 11
|
11. Agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm, áiritheoidh na húdaráis réitigh, ar bhonn luacháil a chomhlíonann Airteagal 25, athbhunú leabhair chomhoiriúnaithe, leithdháileadh iomlán na gcaillteanas, athshlánú acmhainní réamh-mhaoinithe an CPL nó an CPL idirlinne, agus athchaipitliú an CPL nó an CPL idirlinne.
Áiritheoidh na húdaráis réitigh go ndéanfar na hacmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú agus an CPL nó an CPL idirlinne a athchaipitliú, mar a thagraítear dó sa chéad fhomhír, a mhéid is leor chun cumas an CPL nó an CPL idirlinne a athbhunú i dtaobh chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus chun leanúint d’fheidhmeanna criticiúla an CPL nó an CPL idirlinne a dhéanamh, agus rialacha oibríochta an CPL nó an CPL idirlinne á gcur san áireamh.
D’ainneoin uirlisí réitigh eile a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis réitigh na huirlisí dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 a chur i bhfeidhm chun an CPL a athchaipitliú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|