7. Ní dhéanfaidh an t-údarás réitigh ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó de bhun mhír 3 ach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
eisítear na hionstraimí úinéireachta sula n-eiseoidh an CPL aon ionstraimí úinéireachta chun go gcuirfidh an Stát nó eintiteas rialtais cistí dílse ar fáil; agus
|
|
(b)
|
is cúiteamh iomchuí do na sealbhóirí fiachais dá ndéantar difear an ráta comhshó i leith aon chaillteanas a thabhófaí de thoradh fheidhmiú na gcumhachtaí díluachála agus comhshó, ar aon dul leis an gcaoi a láimhseáiltear iad faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
|
I gcás ina ndéanfar ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó go hionstraimí úinéireachta, déanfar na hionstraimí úinéireachta a shuibscríobh nó a aistriú gan mhoill i ndiaidh an chomhshó.