1. Laistigh d’aon mhí amháin tar éis na huirlisí dá dtagraítear in Airteagal 32 a chur i bhfeidhm, déanfaidh CPLanna athbhreithniú ar na cúiseanna lena chliseadh, agus cuirfidh siad faoi bhráid an údaráis réitigh é taobh le plean atheagrúcháin gnó i gcomhréir le hAirteagal 37. I gcás ina mbeidh creat Státchabhrach an Aontais infheidhme, beidh an plean sin, lena n-áirítear tar éis aon leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 38 agus arna chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 39, comhoiriúnach leis an bplean athstruchtúraithe a cheanglaítear ar an CPL a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an gcreat sin.
I gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfaidh an t-údarás réitigh síneadh suas go dhá mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír.