+Airteagal 45 Uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais
---+Airteagal 45 1
---+Airteagal 45 2
---+Airteagal 45 3
|
Airteagal 45 Uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1
|
1. I gcás an-eisceachtúil ina mbeidh géarchéim shistéamach ann, féadfaidh na Ballstáit uirlisí cobhsaíochta an rialtais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 47 chun CPL a réiteach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, agus sa chás sin amháin:
|
(a)
|
tá gá leis an tacaíocht airgeadais chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
ní bhaintear úsáid as an tacaíocht airgeadais ach mar rogha dheireanach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo tar éis measúnú a dhéanamh ar na huirlisí réitigh uile agus leas a bhaint astu a mhéid is mó is infheidhme fad a choimeádtar an chobhsaíocht airgeadais;
|
|
(c)
|
tá an tacaíocht airgeadais teoranta ó thaobh ama;
|
|
(d)
|
comhlíonann an tacaíocht airgeadais creat Státchabhrach an Aontais; agus
|
|
(e)
|
tá socruithe cuimsitheacha, inchreidte sainithe roimh ré ag an mBallstát, ar bhealach atá comhsheasmhach le creat státchabhrach an Aontais, chun na cistí poiblí arna n-úsáid a aisghabháil, thar tréimhse ama oiriúnach, agus i gcomhréir le hAirteagal 27(10), sa mhéid is nach n-aisghabhtar iad ina n-iomláine tríd an díol le ceannaitheoirí príobháideacha i gcomhréir le hAirteagal 46(3) nó 47(2).
|
Cuirfear uirlisí cobhsaíochta rialtais i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta faoi cheannaireacht na haireachta inniúla nó an rialtais inniúil i ndlúthchomhar leis an údarás réitigh nó faoi cheannaireacht an údaráis réitigh.
|
|
Airteagal 45 2
|
2. Chun éifeacht a thabhairt do na huirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais, beidh na cumhachtaí réitigh ábhartha a shonraítear in Airteagail 48 go 58 ag na haireachtaí nó rialtais inniúla agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar Airteagail 52, 54 agus 72.
|
|
Airteagal 45 3
|
3. Measfar go gcuirfear uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais i bhfeidhm mar rogha dheireanach chun críocha phointe (b) de mhír 1 i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil agus an t-údarás réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais agus leis an údarás inniúil, nár leor na huirlisí réitigh atá fágtha a chur i bhfeidhm chun díobháil shuntasach don chóras airgeadais a sheachaint;
|
|
(b)
|
cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil agus an t-údarás réitigh nár leor na huirlisí réitigh atá fágtha a chur i bhfeidhm chun leas an phobail a chosaint, i gcás inar thug an banc ceannais cúnamh leachtachta urghnách don CPL roimhe sin;
|
|
(c)
|
maidir leis an uirlis úinéireachta poiblí sealadaí, cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus leis an údarás réitigh, nár leor na huirlisí réitigh atá fágtha a chur i bhfeidhm chun leas an phobail a chosaint, i gcás inar tugadh tacaíocht cothromais phoiblí tríd an uirlis tacaíochta gnáthscaireanna don CPL roimhe sin.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|