2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ceanglóidh an t-údarás réitigh ar an CPL a áirithiú go n-áireofar foráil ina chonarthaí agus i gcomhaontuithe eile le comhaltaí imréitigh agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá faoi rialú dlí tríú tíortha, go gcomhaontóidh siad a bheith faoi cheangal ag aon ghníomhaíocht i leith a sócmhainní, a gconarthaí, a gcearta, a n-oibleagáidí agus a ndliteanais a dhéanfaidh an t-údarás réitigh, lena n-áirítear Airteagail 28, 32, 55, 56 agus 57 a chur i bhfeidhm.
Féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL a áirithiú go n-áireofar foráil den sórt sin ina chonarthaí agus i gcomhaontuithe eile le sealbhóirí dliteanas eile atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá faoi rialú dlí tríú tíortha. Féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL tuairim dhlíthiúil réasúnaithe ó shaineolaí neamhspleách dlí a thabhairt dó lena ndearbhaítear infhorfheidhmitheacht dlí agus éifeachtacht na bhforálacha sin.