+Airteagal 53 Cumhacht maidir le sócmhainní, conarthaí, cearta, dliteanais, oibleagáidí agus ionstraimí úinéireachta daoine atá lonnaithe i dtríú tíortha nó a rialaítear le dlí tríú tíortha
---+Airteagal 53 1
---+Airteagal 53 2
---+Airteagal 53 3
|
Airteagal 53 Cumhacht maidir le sócmhainní, conarthaí, cearta, dliteanais, oibleagáidí agus ionstraimí úinéireachta daoine atá lonnaithe i dtríú tíortha nó a rialaítear le dlí tríú tíortha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 53 1
|
1. I gcás ina mbainfidh gníomhaíocht réitigh le sócmhainní nó conarthaí daoine atá lonnaithe i dtríú tír nó ionstraimí úinéireachta, cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna rialú le dlí tríú tír, féadfaidh an t-údarás ceanglas a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
déanfaidh an CPL faoi réiteach agus faighteoir na sócmhainní, na gconarthaí, na n-ionstraimí úinéireachta, na gceart, na n-oibleagáidí nó na ndliteanas sin gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh éifeacht leis an ngníomhaíocht;
|
|
(b)
|
beidh na hionstraimí úinéireachta, sócmhainní nó cearta ag an CPL faoi réiteach nó glanfaidh an CPL faoi réiteach na dliteanais agus na hoibleagáidí ar son an fhaighteora go dtí go bhfuil an beart éifeachtach;
|
|
(c)
|
déanfar costais réasúnacha an fhaighteora arna dtabhú go cuí i dtaca le haon bheart a chur i gcrích faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo a aisíoc ar aon slí dá dtagraítear in Airteagal 27(10).
|
|
|
Airteagal 53 2
|
2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ceanglóidh an t-údarás réitigh ar an CPL a áirithiú go n-áireofar foráil ina chonarthaí agus i gcomhaontuithe eile le comhaltaí imréitigh agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá faoi rialú dlí tríú tíortha, go gcomhaontóidh siad a bheith faoi cheangal ag aon ghníomhaíocht i leith a sócmhainní, a gconarthaí, a gcearta, a n-oibleagáidí agus a ndliteanais a dhéanfaidh an t-údarás réitigh, lena n-áirítear Airteagail 28, 32, 55, 56 agus 57 a chur i bhfeidhm.
Féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL a áirithiú go n-áireofar foráil den sórt sin ina chonarthaí agus i gcomhaontuithe eile le sealbhóirí dliteanas eile atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá faoi rialú dlí tríú tíortha. Féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL tuairim dhlíthiúil réasúnaithe ó shaineolaí neamhspleách dlí a thabhairt dó lena ndearbhaítear infhorfheidhmitheacht dlí agus éifeachtacht na bhforálacha sin.
|
|
Airteagal 53 3
|
3. I gcás nach mbeidh éifeacht leis an ngníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1, beidh an gníomh sin neamhbhailí maidir leis na hionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais lena mbaineann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|