6. I gcás inar gá, chun cosaint leasanna tríú páirtithe atá ag gníomhú de mheon macánta a bhfuil ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL atá faoi réiteach faighte acu de bhun gníomhaíocht réitigh, ní bheidh feidhm ag neamhniú cinneadh údaráis réitigh ar ghníomhartha nó idirbhearta riaracháin ina dhiaidh sin a chuir an t-údarás réitigh lena mbaineann i gcrích, ar nithe iad a bhí bunaithe ar an gcinneadh neamhnithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh na leigheasanna atá ar fáil don iarrthóir nuair a dhéantar cinneadh de chuid an údaráis réitigh a neamhniú teoranta do chúiteamh ar aon chaillteanas a tharla mar gheall ar an gcinneadh sin.