+Airteagal 74 Formheas breithiúnach ex-ante agus cearta ar achomharc
---+Airteagal 74 1
---+Airteagal 74 2
---+Airteagal 74 3
---+Airteagal 74 4
---+Airteagal 74 5
---+Airteagal 74 6
|
Airteagal 74 Formheas breithiúnach ex-ante agus cearta ar achomharc
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 74 1
|
1. Féadfaidh cinneadh beart coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh a dhéanamh a bheith faoi réir údarú breithiúnach ex-ante, i gcás ina bhforálfar dó sin sa dlí náisiúnta, i gcás ina mbeidh an nós imeachta a bhaineann leis an údarú sin agus breithniú na cúirte gasta.
|
|
Airteagal 74 2
|
2. Cinneadh beart coiscthe géarchéime a dhéanamh nó cinneadh aon chumhacht a fheidhmiú, seachas gníomhaíocht réitigh, beidh ceart ar achomharc i gcoinne an chinnidh sin ag gach duine a ndéanann cinneadh den chineál sin difear dó.
|
|
Airteagal 74 3
|
3. Gach duine a ndéanann cinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh difear dó, beidh ceart ar achomharc ag an duine sin i gcoinne an chinnidh sin.
|
|
Airteagal 74 4
|
4. Beidh an ceart ar achomharc dá dtagraítear in Airteagal 3 faoi réir na gceanglas seo a leanas:
|
(a)
|
agus achomharc á dhéanamh, ní bheidh aon fhionraí uathoibríoch i gceist ar éifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne;
|
|
(b)
|
beidh cinneadh an údaráis réitigh infhorfheidhmithe láithreach agus, mar thoradh air sin, beidh toimhde infhrisnéise gur i gcoinne leas an phobail a bheadh sé an forfheidhmiú a chur ar fionraí; agus
|
|
(c)
|
beidh an nós imeachta maidir leis an achomharc gasta.
|
|
|
Airteagal 74 5
|
5. Bainfidh an chúirt leas as na measúnuithe eacnamaíocha a dhéanfaidh an t-údarás réitigh ar na fíricí mar bhonn lena measúnú féin.
|
|
Airteagal 74 6
|
6. I gcás inar gá, chun cosaint leasanna tríú páirtithe atá ag gníomhú de mheon macánta a bhfuil ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL atá faoi réiteach faighte acu de bhun gníomhaíocht réitigh, ní bheidh feidhm ag neamhniú cinneadh údaráis réitigh ar ghníomhartha nó idirbhearta riaracháin ina dhiaidh sin a chuir an t-údarás réitigh lena mbaineann i gcrích, ar nithe iad a bhí bunaithe ar an gcinneadh neamhnithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh na leigheasanna atá ar fáil don iarrthóir nuair a dhéantar cinneadh de chuid an údaráis réitigh a neamhniú teoranta do chúiteamh ar aon chaillteanas a tharla mar gheall ar an gcinneadh sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|