1. Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha i ndáil le pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin is infheidhme i gcás nár comhlíonadh an Rialachán seo, agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear iad chun feidhme.
I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit gan rialacha a leagan síos i ndáil le pionóis riaracháin maidir le sáruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta, cuirfidh siad forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún agus do ESMA. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Faoin 12 Lúnasa 2022, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ESMA maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ESMA gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.